Sa Rúraíocht, ba laoch na gConnacht é Ferdia (Sean-Ghaeilge Ferdiad, Fer Diad), mac Damáin, mac Dáire na bhFear Domnann.
Sa Táin Bó Cúailnge, tharla go raibh sé in aghaidh a dhearthár altrama, comrádaí airm faoi Scáthach agus a dhlúthchara, Cú Chulainn, arbh fhéidir gurbh a leannán é.
Cineál | carachtar i miotaseolaíocht na nGael |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | gaiscíoch |
Bhí seisean agus Cú Chulainn mar a chéile i ngach rud ach dhá: an Gáe Bulg, sleá fhriofaic a thug, agus a mhúin, Scáthach do Chú Chulainn amháin; agus craiceann garbh fadharcánach Fherdia, nárbh fhéidir arm ar bith a dul tríd.
Agus Cúige Uladh ionraithe ag Ailill agus Méabh, rí is banríon Chonnacht, um an tarbh Donn Cuailnge a fhúdach, ba é Cú Chulainn, a choinnigh siar iad i gcomhrac aonair. Tar éis do Chú Chulainn iliomad gaiscíoch na gConnacht a chloí, chuir Méabh Ferdia faoi choinne é a throid. Thoiligh sé ach faoi thionchar dí, agus é tathanta ag Fionnabhair, iníon Ailill agus Méabh; maraon le dreas breabaithe, náirithe agus saighte ag Méabh.
Bhí siad ag troid ar feadh trí lá, ar dtús le hocht gclaíomh agus sleánna, ansin le gathanna, agus i ndeireadh na dála claimhte troma. Ar an tríú lá, agus an lámh in uachtar á bhaint ag Ferdia, ghlaoigh Cú Chulainn ar a charbadóir, Lao, le haghaidh an Gha Bolg. Chaith Cú Chulainn sleá éadrom i dtreo Fherdiad, a chuir é a sciath a ardú. Phioc Cú Chulainn an Ga Bolg suas ina ladhracha agus bhrúigh é tríd a thóin, agus maraíodh é. Thóg Lao an Ga amach as a chorp, agus chaoinigh Cú Chulainn Ferdia, ag moladh a nirt agus chrógachta:
Tá áit a bháis, Baile Átha Fhirdhia, Contae Lú, ainmnithe as.
Creidtear ag scoláirí gur cuireadh an troid idir Cú Chulainn agus Ferdia níos deireanaí sa Táin, ar a laghad ón 11ú haois, bunaithe ar sraitheanna níos luaite sa scéal.
Deirtear go gciallaíonn Ferdia(d) "fear/gaiscíoch an díse " (Diad gaolta le dïas, dís). Ach is fiú a rá gur féidir "fear dia" atá ann, i gcomórtas le Cú Chulainn agus é "dia-fhear" (leathdhia, más Lú a athair).
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ferdia, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.