Idir na 1900idí-1920idí, bhí méadú as cuimse tagtha ar gheilleagar na Seapáine.
Ach bhí an tír gann ar acmhainní nádúrtha, agus sna 1930idí, bhí an dearcadh coilíneach ag dul i neart sa tSeapáin.
| ||||
Cineál | coinbhleacht conspóid | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Japanese invasion of Manchuria (en) | |||
Dáta na bliana | 18 Meán Fómhair 1931 | |||
Suíomh | Shenyang, Daon-Phoblacht na Síne | |||
Tír | Poblacht na Síne (1912–1949) | |||
Rannpháirtí | ||||
Cúis | Liutiaohu Incident (en) | |||
Ar an 18 Meán Fómhair 1931 sa Mhanchúir, tharla gníomh sabaitéireachta ar líne traenach 'Mantetsu' (comhlacht na Seapáine). I ndáiríre, bhí arm na himpireachta de chuid na Seapáine taobh thiar den 'ionsaí' (pléasc thar a bheith beag, gan damáiste). Ach mhaígh an t-arm go raibh caimiléireacht ar siúl ina aghaidh agus cuireadh an milleán go mioscaiseach ar na Sínigh.
I dtús na fichiú haoise, bhí an Rúis agus an tSeapáin ag cur suime sa Mhanchúir, agus iad den tuairim gur réigiún tábhachtach straitéiseach a bhí ann. Mar sin, d'éirigh ina chogadh eatarthu sa bhliain 1904. Bhuaigh an tSeapáin an cogadh, agus b'éigean don Rúis an chuid den Mhanchúir a thabhairt ar ais don tSín a bhí forghafa aici roimhe sin.
Sa bhliain 1905, chuaigh trúpaí Seapánacha i seilbh an iarnróid a bhí ag rith tríd an Manchúir, le go mbeadh an tSeapáin in ann amhábhair a iompar ón Manchúir go dtí an Chóiré. Bunaíodh an comhlacht 'Mantetsu' in 1906 chun líne traenach nua a thógáil.
Ar an 19 Bealtaine 1931, chuir an tSeapáin tús lena n-ionsaí ar an Mhanchúir. Maraíodh 500 Síneach ar an chéad lá i Mukden agus theith na mílte eile.
Bhunaigh na Seapánaigh stát nua a bhí ar teaghrán acu - Manchukuo - agus chuir siad Pu Yi, iar-Impire na Síne, á rialú. Thit Manchukuo as a chéile sa bhliain 1945 nuair a rinne an APSS ionradh air.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Eachtra Manchúrach (1931), which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.