Baile is ea Dúrlas Éile nó Durlas go hoifigiúil (Béarla: Thurles) in Éirinn.
Tá an baile suite i gContae Thiobraid Árann. Tá daonra 8,000 ann.
Dúrlas Éile | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | ||||
Iar-eintiteas críochach riaracháin | Contae Thiobraid Árann | ||||
Second-level administrative division (en) | Contae Thiobraid Árann Thuaidh | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Contae Thiobraid Árann | ||||
Airde | 99 m | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Eile | |||||
Logainm.ie | 2222 | ||||
Suíomh gréasáin | thurles.ie |
Tá Staid Semple suite sa bhaile.
Tá Ardeaglais Chaitliceach ann freisin. Tá séipéal eile ar Bhóthar na Naomh.
Tá ceithre mheánscoil, leabharlann phoiblí, ionad siopadóireachta, stáisiún traenach, páirc phoiblí, linn snámha, agus áiseanna eile i nDúrlas.
Tá campas Phádraig Naofa de Choláiste Mhuire gan Smál sa bhaile, áit ina mbíonn cúrsaí múinteoireachta á dteagasc. Tá campas de chuid Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne ann freisin.
Tá Cearnóg na Saoirse lonnaithe i lár an bhaile.
Is i nDurlas Éile a bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael, i gcruinniú a reáchtáladh in Óstán Hayes i gCearnóg na Saoirse.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Dúrlas Éile, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.