Ráiteas a léiríonn luach gnólachta de réir na gcuntas, ar dháta áirithe, is ea clár comhardaithe.
Ráiteas de na sócmhainní, de na dliteanais agus den chaipiteal atá ag gnólacht ar dháta áirithe is ea é. Caithfidh comhlacht clár comhardaithe a chur ar fáil ag deireadh na bliana a thaispeánfaidh na sócmhainní agus na fiacha atá ag an chomhlacht.
Bíonn an clár comhardaithe mar a bheadh grianghraf ann de staid an ghnólachta. Is iad cuntais deiridh an ghnólachta na gearr-ráitis airgeadais a chuirtear ar fáil, ag deireadh gach bliain trádála de ghnáth.
Sna bunchuntais deiridh bíonn:
• Cuntas trádála
• Cuntas brabúis agus caillteanais
• Clár comhardaithe
Is síol a bhaineann le hairgeadas é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Clár comhardaithe, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.