Tugann na hinnealtóirí leictreonacha ceo leictreonach ar an iliomad tonn nó astaíocht leictreamaighnéadach atá ag forleathadh tríd an aer mar chuid de theileachumarsáid na haoise seo.
Cuireann an-chuid trealaimh — ríomhairí, scipéid chláraithe, teileafóin sho-iompartha, ionstraimí leictreonacha de gach sort — leis na tonnta, d'aon ghnó nó trí thaisme. Cuireann an truailliú nua comhshaoil seo isteach ar fheidhmiú éifeachtach an-chuid den trealamh céanna, agus uaireanta cuireann sé isteach go tubaisteach ar líonraí ríomhairí is córais teileachumarsáide. Ní mór trealamh a chosaint ar an gceo leictreonach seo, rud a dhéantar le cás Faraday, bosca seoltach talmhaithe timpeall ar an ionstraim. Laghdaíonn an bosca seo méid na hastaíochta leictreamaighnéadaí a éalaíonn ón ngléas féin amach don cheo, agus an méid cur isteach leictreonach a fhulaingíonn sé ón gceo freisin.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ceo leictreonach, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.