Is comhlacht de chuid rialtas na hÉireann é An Gúm, atá ceaptha le leabhair as Gaeilge a fhoilsiú, go háirithe áiseanna oideachais.
Is é an foilsitheoir leabhar Gaeilge is mó sa tír.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | foilsitheoir |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 1925 |
Bunaitheoir(í) | Rialtais na hÉireann |
Suíomh gréasáin | forasnagaeilge.ie… |
An leabhar is cáiliúla a d'fhoilsigh sé ná an Foclóir Póca, ar bhain, nó a mbaineann, beagnach gach dalta scoile in Éirinn úsáid as. Is iomaí foclóir eile a tháinig ón nGúm, áfach, ar nós foclóirí Néill Uí Dhónaill (Foclóir Gaeilge-Béarla) agus Thomáis de Bhaldraithe. Thairis sin, bíonn an Gúm ag foilsiú leaganacha nua de leabhair Ghaeilge na bhfichidí agus na dtríochaidí.
Bunaíodh sa bhliain 1926 é mar chuid de Roinn Oideachais na hÉireann. Ach anois is cuid d'Fhoras na Gaeilge é.
Is é is brí leis an bhfocal sin gúm ná "plean", "scéim", "cleas", nó "tionscadal". Focal é nach gcloisfeá i ngach Gaeltacht sa bhunchiall seo, ach nuair a bhí an teanga á labhairt i gContae an Chláir, ba chuid de chanúint an cheantair sin é. Focal nádúrtha é freisin i nGaeilge Bhaile an Chláir taobh thoir de Chathair na Gaillimhe.
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article An Gúm, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.