File Meiriceánach ab ea Allen Ginsberg (3 Meitheamh 1926 – 5 Aibreán 1997).
Duine de scríbhneoirí móra a linne a bhí ann, agus é ina cheannródaí ar ghluaiseacht liteartha an Beat Generation in éineacht le William S. Burroughs agus Jack Kerouac.
Scríbhneoir cultais a bhí ann ar dtús, is é sin, scríbhneoir nach raibh suim ach ag dornán beag díograiseoirí ann.
Ar an 7 Deireadh Fómhair 1955, léigh Ginsberg an dán “Howl” i San Francisco, ag cur tús lena ghairm scríbhneoireachta. Bhí an saothar seo faoi laincisí ag coinbhinsiúin na litríochta.
Tháinig Ginsberg go hÉirinn in 1993. Thug sé an-léamh uaidh i Halla na Saoirse, BÁC. Aisteach go leor, ghearr sé mar táille ar lucht eagraithe an léimh culaith bhréidín ó Dhún na nGall.
File Haiku a bhí ann chomh maith.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Allen Ginsberg, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.