Córas a saothraíodh chun ainm réasúnta inaitheanta intuigthe a thabhairt ar ionad ar an Idirlíon (uimhir prótacal idirlín, IPN) a fheidhmíonn mar sheoladh seachadta (rte.ie nó irlgov.ie, mar shampla).
Bíonn ordlathas san ainm fearainn, agus na leibhéil scartha le ponc. Sa bhfearann is airde, ar an taobh deas, bíonn cód don tír (.ie d'Éirinn, .uk don Bhreatain, .cn don tSín) nó cód neamhgheografach (.com nó .org). I bhfearann níos ísle, a scríobhtar ar clé ón bhfearann is airde, bíonn dréacht éigin d'ainm na comhlachta, na heagraíochta nó an duine (rte. nó irlgov.). I dtíortha móra, bíonn fearann den dara leibhéal idir fearann na tíre is fearann na comhlachta uaireanta (mar shampla, sa Bhreatain úsáidtear .co.uk do chomhlachtaí, is .ac.uk d'institiúidí ardoideachais).
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ainmneacha fearainn, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.