Thosaigh an paindéim COVID-19 i bPoblacht na hÉireann ar an 29 Feabhra 2020.
Fógraíodh i ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí, ar 29 Feabhra 2020 go raibh cás deimhnithe Covid-19 (Coróinvíreas) dearbhaithe acu.
| |||||
Cineál | ráig ghalair de Covid-19 | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cuid de | COVID-19 pandemic in Europe (en) agus COVID-19 pandemic by country and territory (en) | ||||
Tréimhse | 29 Feabhra 2020 - | ||||
Suíomh | Éire | ||||
Tír | Éire | ||||
Cúis | Covid-19 | ||||
Tabular case data (en) | Liosta | ||||
Earliest recorded instance (en) | luach anaithnid | ||||
Number of medical tests (en) | 4,729,538 (14 Bealtaine 2021) | ||||
Number of cases (en) | 1,704,502 (9 Márta 2023) | ||||
Number of recoveries (en) | 23,364 (8 Lúnasa 2020) | ||||
Organized response related to outbreak (en) | 2020 Ireland COVID-19 closing of educational institutions (en) , 2020 Ireland COVID-19 social distancing (en) , 2020 Ireland COVID-19 lockdown (en) agus 2020 Ireland COVID-19 closing of non-essential businesses (en) | ||||
Líon básanna | 8,708 (9 Márta 2023) | ||||
Fear ba ea an chéad íospartach, a chónaigh sa chuid thoir den tír. Thaistil sé ó limistéar i dtuaisceart na hIodáile a bhí thíos leis an víreas . Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte: “Bhíothas ag súil leis go dtiocfadh cás chun cinn. Táimid ag ullmhú dó sin le seachtainí fada anuas.” Laistigh de thrí seachtaine ina dhiaidh sin, dearbhaíodh cásanna i ngach contaetha. Chuaigh an phaindéim i bhfeidhm ar go leor gnéithe den tsochaí.
An 12 Márta 2020, dhún Rialtas na hÉireann gach scoil, coláiste, saoráid cúram leanaí agus institiúid chultúrtha, agus mhol an rialtas cruinnithe móra a chur ar ceal. Cuireadh deireadh le féilte Lá Fhéile Pádraig, agus thug an Taoiseach, Leo Varadkar, aghaidh ar an náisiún an oíche sin.
Dúnadh beagnach gach gnó, ionad, saoráid agus taitneamhachtaí ar an 24 Márta; ach ceadaíodh cruinnithe de suas le ceathrar.
Trí lá ina dhiaidh sin an 27 Márta, chuir an rialtas ordú "fanacht sa bhaile" i bhfeidhm, ag toirmeasc ar gach taisteal agus teagmháil neamhriachtanach le daoine lasmuigh de theach duine.
Dúradh le daoine scothaosta agus leo siúd a bhfuil riochtaí sláinte áirithe orthu chun cocúnú nó clutharú a dhéanamh. Thosaigh daoine ag cleachtadh "scoitheadh sóisialta" (fanacht dhá mhéadar amach ó dhaoine). Tugadh cumhacht do na Garda Síochána na bearta a fhorfheidhmiú, a síneadh arís agus arís eile go dtí 18 Bealtaine.
Cuireadh cúrsaí 2020 Ardteistiméireacht, Teastas Sóisearach agus gach cúrsa samhraidh 2020 Gaeilge sa Gaeltacht ar ceal. Sheol an Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) feachtas earcaíochta, ag iarraidh ar ghairmithe cúram sláinte agus neamh-chúram sláinte araon “a bheith ar glao ar Éirinn”.
Faoi lár mhí Aibreáin, thuairiscigh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (FNESP) go raibh ráta fáis an phaindéim tiomáinte “chomh híseal agus is gá dó a bheith”, go raibh an cuar leacaithe agus nach mbeadh aon bhuaic ag teacht.
D'fhan rialtas an 32ú Dáil sa phost le linn roinnt míonna tosaigh den phaindéim go dtí gur ceapadh a chomharba ar an 27 Meitheamh.
Shuigh Dáil Éireann le níos lú ball agus bhog sí óna teach traidisiúnta ag Teach Laighean go dtí an Ionad Comhdhála chun riachtanais scaradh sóisialta a éascú. Rith an Oireachtas gníomh éigeandála a thug cumhacht don stát a choinneáil daoine, taisteal a shrianadh agus daoine a choinneáil ina dtithe chun scaipeadh an víris a rialú. Ritheadh tuilleadh reachtaíochta éigeandála an tseachtain dár gcionn.
Tháinig laghdú mall ar chásanna laethúla agus ar bhásanna i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2020. I mí Lúnasa, gearradh glasáil réigiúnach trí seachtaine i dtrí chontae tar éis ardú suntasach i gcásanna dearbhaithe go príomha i ngléasraí próiseála feola.
I mí Dheireadh Fómhair 2020, atheagraíodh srianta glasála ar fud na tíre tar éis borradh gasta i gcásanna deimhnithe agus an dara tonn de COVID-19 a thabhairt isteach in Éirinn. Mar thoradh ar an dara glasáil bhí ráta minicíochta 14 lá na hÉireann ar an ráta is ísle san Aontas Eorpach, agus maolaíodh srianta go luath i mí na Nollag.
Tháinig an tríú tonn de COVID-19 go hÉirinn tar éis srianta a mhaolú. Ghníomhaigh an rialtas go gasta agus an 24 Nollaig (Oíche Nollag), cuireadh srianta glasála ar ais ar fud na tíre tar éis borradh eile i gcásanna dearbhaithe in Éirinn. Ar Lá Fhéile Stiofáin, tháinig an chéad loingsiú den vacsaín Pfizer/BioNTech COVID-19 go Poblacht na hÉireann. Cuireadh tús le vacsaínithe trí lá ina dhiaidh sin an 29 Nollaig 2020.
Faoi 25 Meitheamh 2021, bhí 270,477 cás agus 4,989 bás dearbhaithe ag an Roinn Sláinte. Bhí níos mó ná 90% díobh siúd a fuair bás os cionn 65 bliana d’aois, agus bhí tinnis bhunúsacha ar a bhformhór nó bhí cónaí orthu i dtithe cúraim. Amhail 11 Bealtaine 2021, tá 1,922,913 vacsaín riartha. Tugadh an chéad dáileog den vacsaín do 1,408,105 duine, agus tugadh an dara dáileog den vacsaín do 514,808 duine.
Ba chúis leis na srianta a forchuireadh cúlú géar, ardú gan fasach ar dhífhostaíocht agus rinne sé damáiste mór do gach earnáil. Cuireadh Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéimeach COVID-19 agus Scéim Fóirdheontais Pá Sealadach COVID-19 ar bun.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Paindéim COVID-19 i bPoblacht na hÉireann, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.