Is cineál ceoil bunaithe i gcultúr Afrai-Mheiriceánach é an snagcheol.
Bíonn rithimí láidre ag snagcheol, agus seinntear é le huirlisí faoi leith – an clairinéad, an sacsafón, an trumpa, na drumaí, pianó go minic. Sa chanadh, is minic a bhíonn focail gan chiall ann, mar shampla “bipití baipití bú”.
Bíonn tobchumadh le fáil go forleathan ann. Ciallaíonn sé seo nach mbíonn an ceol réamhullmhaithe ag na seinnteoirí ach cumann siad é de réir mar a théann siad ar aghaidh (ag leanúint nósanna áirithe).
Ceiliúrtar Lá Idirnáisiúnta an tSnagcheoil ar an 30 Aibreán gach bliain.
Thosaigh an snagcheol i Nua-Orleans, Stáit Aontaithe Mheiriceá timpeall na 1920idí. Bhí an-tionchar ag an gcultúr Afrai-Mheiriceánach ar an snagcheol. Dheighil an snagcheol ina chineálacha difriúla ansin. Deirtear uaireanta gurb é an snagcheol "ceol clasaiceach na Stát Aontaithe" nó "an ealaín is dúchaisí de Meiriceá."
Dhein údaráis an raidió, agus fiú an tAire Poist & Teileagraf iarracht cinsireacht a dhéanamh ar na cineálacha ceoil a bhí á chraoladh ar an raidió ag tréimhsí éagsúla, faoi mar a deineadh nuair a reáchtáladh feachtas i gcoinne an tsnagcheoil i rith na 1930idí. Léirítear sa chaint agus sa scríbhneoireacht ón am an bhéim a leagadh ar an gcoimhlint idir an chultúr ‘náisiúnta’ Éireannach agus an ‘eile’; i mórán de déantar ísliú céime den ‘eile’, sa chás seo cultúr an tsnagcheoil, rud a bhí primitíbheach, sean-fhaiseanta, mí-mhórálach, i gcomparáid le huaisleacht an chultúir náisiúnta.
Foclóir a bhaineann leis an snagcheol
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Snagcheol, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.