Bitheolaíocht Fine: Rang tacsanomaíoch

San aicmiú bitheolaíoch, tá an fhine (Laidin: familia-ae) ar cheann de na hocht ranganna tacsanomaíochta móra; agus tá sí rangaithe idir ord agus géineas.

Is féidir an fhine a roinnt i bhfo-fhinte, céimeanna idirmheánacha os cionn chéim na ghéinis. I dteanga an phobailn, féadfar fine a ainmniú i ndiaidh ceann dá chomhaltaí coitianta; mar shampla, baineann na gallchnónna agus na crainn hicearaí leis an bhfine Juglandaceae, mar is fearr aithne orthu fine na ngallchnónna.

Cad a dhéanann nó nach mbaineann le fine-nó cé acu ba cheart nó nár cheart fine a bhfuil cur síos uirthihe a aithint ar chor ar bith - bíonn ar tacsanomaithe atá ag cleachtadh a ngairme tabhairt faon ghnó seo. Níl aon rialacha crua ann le haghaidh fine a thuairisciú nó a aithint, nó aon tacsóin. Is glacann tacsanomaithe dearcthaí difriúla go minic faoi tacsón a thuairisciú agus a aithing, agus d'fhéadfadh nach mbeadh aon chomhdhearcadh leathan ar fud an phobail eolaíochta ar feadh tamall. Glactar le roinnt tacsón a bhfuil cuntas orthu go forleathan agus go tapa, ach cuid eile go hannamhis annamh nó fiú in aon chor; is minic go gcuireann foilsitheoireacht sonra nua agus tuairim nua ar chumas oiriúnuithe agus comhaontú le himeacht ama.

Ainmníocht

Tá ainmniú na bhfinte á gcódú ag cóid idirnáisiúnta éagsúla.

In ainmníocht fhungasach, algach agus luibheolaíoch, críochnaíonn ainmneacha na bhfinte de chuid na bplandaí, na bhfungas agus na n-algaí leis an iarmhír "-aceae", cé is moite de líon beag ainmneacha stairiúla ach a úsáidtear go forleathan lena n-áirítear Compositae agus Gramineae. In ainmníocht zó-eolaíochta, críochnaíonn ainmneacha na bhfinte leis an iarmhír "-idae".

Stair

Baineadh úsáid as an téarma tacsanomaíoch familia de chéaduair ag an luibheoir Francach Pierre Magnol sa bhliain 1689 san fhoilseachán Prodromus historiae generalis plantarum, in quo familiae plantarum per tabulas disponuntur. [Réamhtheachtaí ar stair ghinearálta plandaí, ina socraítear finte na bplandaí i dtáblaí], nuair a thug sé familiae (finte) ar na seachtó ghrúpa plandaí a d'aithin sé sna táblaí. Ní raibh an coincheap 'rang' socraíodh ag an am sin go fóill, agus sa réamhrá leis an Prodromus dúirt Magnol, go raibh sé i gceist aige ná na finte a aontú ina genera (géinis) níos mó, rud atá neamhchosúil leis an gcaoi a úsáidtear an téarma inniu.

An córas rangaithe a úsáideann bitheolaithe an lae inniu, ba é an bitheolaí Suallanach, Carolus Linnaeus (1707-78), a bhunaigh é. D'úsáid Linnaeus an focal familia ina Philosophia botanica (1751), chun príomhghrúpaí na bplandaí a chuir in iúl: crainn, luibheanna, raithní, pailmeacha, agus mar sin de. Bhain sé úsáid as an téarma seo ach amháin i roinn mhoirfeolaíoch an leabhair, ag plé orgán fásúil agus giniúnach plandaí.

Ina dhiaidh sin, i bhfoilseacháin luibheolaíocha na Fraince, ó Familles naturelles des plantes (1763) le Michel Adanson go dtí deireadh an 19ú haois, baineadh úsáid as an focal famille mar chomhionann na Fraincise do ordo na Laidine (nó ordo naturalis). I saothair na naoú haois déag, mar shampla Prodromus de chuid Augustin Pyramus de Candolle agus Genera Plantarum de chuid George Bentham agus Joseph Dalton Hooker, baineadh úsáid as an bhfocal ordodon tearma familia (fine) mar a thugtar uirthi sa lá atá inniu ann.

San zó-eolaíocht, thug Pierre André Latreille familia (fine) mar 'rang' idirmheánach idir 'ord' agus 'géineas' ina Précis des caractères génériques des insectes, disposés dans un ordre naturel (1796). chuid précis des caractères génériques des insectes, disposes dans un ordre naturel (1796). Bhain sé úsáid as familiaefinte (níor ainmníodh cuid acu) i roinnt ach ní i gcomhair na n-ord "feithidí" go léir (a chuimsigh, ansin, na hartrapóid go léir).

Bitheolaíocht Fine: Ainmníocht, Stair, Úsáidí 

Úsáidí

Is féidir leas a bhaint as an fhine le haghaidh staidéir éabhlóidigh, phailé-ointeolaigh agus ghéinitigh a dhéanamh, toisc go bhfuil siad níos cobhsaí ná na leibhéil tacanomaíochta níos ísle, mar shampla géinis agus speicis.

Féach freisin

  • Córasaíocht; rangú orgánach i seicheamh cliarlathach grúpaí a chuireann béim ar a n-idirghaolta toimhdithe éabhlóideacha.
  • Cládaistíocht; córas rangaithe ainmhithe is plandaí ina rangaítear na horgánaigh de réir a gcosúlachtaí mar thoradh ar phórú le déanaí ó chomhshinsear.
  • Fíligineacht; staidéar a dhéanamh ar an ghaolmhaireacht éabhlóideach i measc grúpaí éagsúla orgánaigh.
  • Tacsanomaíocht; an eolaíocht le haghaidh grúpaí d'orgánaigh bhitheolaíocha a shainiú agus a ainmniú ar bhonn tréithe comhroinnte.
  • Aicmiú na víreas; an próiseas le haghaidh víreas a ainmniú agus iad a chur isteach i gcóras tacsanomaíoch.
  • Liosta d'fhinte Anúracha
  • Liosta d'fhinte na dTestudines
  • Liosta d'fhinte na n-iasc
  • Liosta d'fhinte na ndamhán alla

Leabharliosta

Tagairtí

Tags:

Bitheolaíocht Fine AinmníochtBitheolaíocht Fine StairBitheolaíocht Fine ÚsáidíBitheolaíocht Fine Féach freisinBitheolaíocht Fine LeabharliostaBitheolaíocht Fine TagairtíBitheolaíocht FineGallchnóGéineasHicearaíLaidinOrd (bitheolaíocht)Tacsanomaíocht (bitheolaíocht)

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

LuimneachMáel Gualae mac DonngaileSionad Ráth BreasailBoris RybkinColm CilleBrian WalshBBC ParliamentMarie de FranceIPadAn HiondúisAn Dún, Contae Obar DeathainSharon Ní BheoláinFTPContae Custer, ColoradoStruchtúr LewisPríomhleathanachIarannAltóirCrois TearainIdirleathadhHiort77Liam Ó MuirthileShrekAdolf HitlerEaspagStelios KyriakidesRís (grúpa ceoil)2016Melvin SchwartzBáicsítRós Thrá Lí (Féile)VicífhoclóirOró Sé do Bheatha 'BhaileVolgogradCille Mhícheil, PeairtKonrad ZuseAn ChóiréisGrianfhuinneamh1971An tAontas Eacnamaíoch EoráiseachCosConcord, New HampshireSéarlas II, Rí Shasana, na hÉireann agus na hAlban1988FuinneamhMel MortonAn Chróit i gComórtas Amhránaíochta Eoraifíse na nÓgLuanJohn Robert SchriefferComhairle Buirge Chósta Chlochán an Aifir agus na GlinnteCeartmhíol mórBaile na Cille1294John ChallisKentuckyP. RamleeContae Van Zandt, TexasFlora RobsonMike DenverBultúr luaithriúílReifreann ar sheasamh na Ríochta Aontaithe i leith na hEorpa, 2016MéiseasóchAn CríonanDenis McCulloughfeirmeoireacht ainmhitheTennys SandgrenSéamas VI, Albain agus Séamas I, Sasana agus ÉireGealraMeiningíteas🡆 More