An Danmhairgis: Teanga Lochlannach oirthearach a labhraítear sa Danmhairg

Is teanga Lochlannach oirthearach í an Danmhairgis (Danmhairgis: dansk); labhraítear í sa Danmhairg, in Oileáin Fharó, sa Ghraonlainn agus i Schleswig-Holstein sa Ghearmáin.

Infotaula de llenguaAn Danmhairgis
dansk
An Danmhairgis: Cá labhraítear Danmhairgis, Tagairtí
Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais6,000,000
Dúchasach doSchleswig-Holstein agus an Danmhairg
StáitRíocht na Danmhairge, an Danmhairg, Oileáin Fharó, An Ghraonlainn agus an Ghearmáin
An Danmhairgis: Cá labhraítear Danmhairgis, Tagairtí
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Gearmáinice
teangacha Gearmáinice Tuaisceartacha
East Scandinavian (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaitheDanish Language Council (en) Aistrigh
Staidéar agscandinavian studies (en) Aistrigh
Stairhistory of Danish (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1da
ISO 639-2dan
ISO 639-3dan
Glottologdani1284
Linguasphere52-AAA-cc
Ethnologuedan
ASCL1501
IETFda

Cosúil leis na teangacha Lochlannacha eile d'fhorbair an Danmhairgis as an tSean-Lochlainnis. Is iad an Danmhairgis agus an tSualainnis atá bunaithe ar chanúintí oirthearacha na Sean-Lochlainnise. Níor tháinig aon chineál Danmhairgis chaighdeánaithe chun saoil roimh an séú haois déag. Le teacht an Reifirméisin agus an chlóphreasa, áfach, tosaíodh ag baint úsáid an chaighdeáin as an gcineál teanga a bhí ag labhairt ag an uasaicme agus ag lucht an ardoideachais i gCóbanhávan. Chuaigh an caighdeán seo i bhfairsinge trí na scoileanna, ach má chuaigh, bhí an-ról ag an nGearmáinis agus ag an Laidin ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin féin. Nuair a chaill an tír a lán tailte don tSualainn, thosaigh na tírghráthóirí ag cur na Danmhairgise chun cinn mar shiombail don dúchas Danmhargach, agus ón 18ú haois ar aghaidh bhí litríocht á scríobh agus á cruthú sa teanga. Dá réir sin, tá an chuid is mó de na canúintí traidisiúnta imithe inniu, agus iad tar éis géilleadh don teanga chaighdeánaithe.

Tá an Danmhairgis thar a bheith saibhir i ngutaí a aithnítear thar a chéile mar fhóinéimí: seacht gceann is fiche ar fad. Thairis sin, is minic nach bhfuil de dhifríocht idir dhá fhocal ach an rud ar a dtugtar stød, cineál dath laraingeach a chuirtear le guta. Níl sé furasta cur síos a thabhairt ar an gcóras fuaimeanna seo leis na litreacha a úsáidtear sa Danmhairgis, agus mar sin níl sé éasca an fuaimniú ceart a bhaint as an teanga scríofa ach an oiread.

Ón taobh eile de tá gramadach na Danmhairgise sách simplí. Níl iarmhíreanna pearsanta ag na briathra, agus cé go raibh trí inscne sa tSean-Lochlainnis, níl ach dhá cheann sa Danmhairgis, ós rud é go bhfuil an t-idirdhealú idir an fhirinscne agus an bhaninscne imithe ar fad.


Cá labhraítear Danmhairgis

Ceanada

Sa bhliain 2011 bhí Danmhairgis ó dhúchas ag 14,145 duine i gCeanada, uimhir a bhí laghdaithe ó na 18,735 duine a raibh an teanga acu sa bhliain 2006.

An Danmhairg

Is í an Danmhairgis an teanga náisiúnta agus an teanga oifigiúil sa Danmhairg.

Oileáin Fharó

I 2014 bhí an Danmhairgis ó dhúchas 1,546 (3.1 %) duine in Oileáin Fharó. Ba í an dara teanga ba choitianta in Oileáin Fharó tar éis na Faróise.

An Gearmáin

Is teanga aitheanta mhionlaigh í an Danmhairgis sa Gearmáin. Is i Schleswig-Holstein atá am chuid is mó de na cainteoirí lonnaithe toisc go bhfuil an stát sin suite i gcóngar don Danmhairg. Meastar go bhfuil Danmhairgis líofa ag 10,000-20,000 duine i Schleswig-Holstein. Tá sé deacair a rá an bhfuil an teanga ó dhúchas acu siúd, nó ní bhíonn sí á labhairt sa bhaile acu - déanann an mionlach Danmhargach staidéar ar an Danmhairgis mar theanga oidhreachta, agus ní labhraíonn siad í ach i gcumainn chultúrtha Dhanmhargacha agus ag imeachtaí Danmhargacha.

An Ghraonlainn

Labhraíonn timpeall ar 12% de dhaonra na Graonlainne an Danmhairgis mar chéad teanga.

S.A.M.

De réir an American Community Survey 2006-2010 bhí an Danmhairgis ó dhúchas ag 29,085 duine i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhí cónaí ar 21.4% (6,220 duine) de na cainteoirí Danmhairgise i gCalifornia.

Tagairtí

Tags:

An Danmhairgis Cá labhraítear DanmhairgisAn Danmhairgis TagairtíAn DanmhairgisAn DanmhairgAn GhearmáinAn GhraonlainnDanmhairgisLochlannaighOileáin FharóTeanga

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

FìobhaMáire I ShasanaGregor MendelÁrachasAn TúvaisGrianchórasAn Chomhairle Aireachta Thuaidh-TheasContae Dhún na nGallApalló (miotaseolaíocht)Anthony BourdainSuncaireBhatarsaighLitríocht na RúiseTáin Bó FlidaisBram StokerTuaisceart ÉireannDeochTréadaíochtComharchumannAn PhortaingéilDresdenLeonBryndzové haluškyLaura Vallés-VílchezSéamas II, Rí na nAlbanachEilean ChathastailVientianePéineasElbaEilean NaomhaJune CrespoLaura Vallés VílchezWoodrow WilsonKelly ClarksonThe Voice UKSamhail Tagartha OSISimon HarrisCogadh Iosrael–Hamas agus an comhthéacs idirnáisiúntaFléamMeasán catachSiúcrósBBC Radio 1XtraPLeabharlann Náisiúnta na hAlbanIsadora DuncanDrochaid a' BhannaAmhaireSuojeluskuntaTrílireÉaneolaíochtBéar bánJonathan RossXboxAn BhreatnaisDaghdhaBarbara MikulskiAdam CarollaCaipitleachasEanach DhúinPrágElla Mae MorseAn tSean-GhréigisJohn PrescottFrank HerbertContae Dillon, Carolina TheasBeachadóir EorpachInsane Clown PoppyStailc ocrais 198120242010íEolaíocht mhatamaiticeClaudio MonteverdiHumberstone & Hamilton800í🡆 More