Is ceoltóir pop agus ban-aisteoir Hollywood í Barbra Joan Streisand (24 Aibreán, 1942, Brooklyn, Nua-Eabhrac, na Stáit Aontaithe).
Dar le RIAA, is í Streisand duine de na ceoltóirí is rathúla ar an domhan, le níos mó ná 150 milliúin albaim díolta aici. Tá Tony, Grammy, Emmy agus Oscar bainte aici, éacht a tharlaíonn go h-an annamh.
Thosaigh sí a réim trí bheith ag canadh i gclubanna oíche agus amharclanna Broadway go luath sna seascaidí. Tar éis di bheith ina haoi ar roinnt clár teilifíse, shínigh sí le Columbia Records, agus foilsíodh an chéad albam uaithi, 'The Barbara Streisand Album' (Albam Barbara Streisand) i 1963. Bhuaigh an t-albam dhá Ghradam Grammy, Grammy na Bliana san áireamh.
Ag deireadh na seascaidí, agus í faoi lánréim mar amhránaí, bhog sí i dtreo na scannánaíochta. Bhí sí ina réalt sa scannán Funny Girls, a bhí gáir mór leis, agus bhuaigh sí Gradam an Acadaimh dá ról ann. Le scaoileadh 'Yentl' (1983) tharla sé gurb í an chéad bhean chun scannán ó stiúideo mór a scríobh, a dhéanamh, a stiúriú agus a bheith ina príomhaisteoir ann.
I measc a duaiseanna éagsúla tá dhá Ghradam Acadaimh, deich nGradam Grammy, cúig Ghradam Emmy, ceithre Ghradam Peabody, Bonn na Saoirse agus naoi Golden Globes.
Rugadh í i mBrooklyn i Nua-Eabhrac ar an 24 Aibreán 1942, iníon Diana agus Emanuel Streisand. Ba soprano í a máthair ina hóige féin agus smaoinigh sí ar ghairm bheatha mar soprano ach thosaigh sí ag obair mar rúnaí scoile. Ba mhúinteoir meánscoile é a hathair sa scoil chéanna, agus b'shin an áit ar chas siad ar a chéile. Ba Ghiúdaigh iad an bheirt acu. B'as an Pholainn clann a máthar, agus b'as Impíreacht na Rúise clann a athair, ina raibh a seanathair ina cantor.
I 1943, nuair nach raibh sí ach aon bhliain d'aois, fuair a hathair bás de bharr thaom apaipléise agus é 34 bliana d'aois. D'fhulaing a clann faoin mbochtaineacht dá thoradh sin agus iad ag streachailt go mór lena gcuid billí.
Thosaigh sí a cuid oideachais i Yeshiva (Scoil Ghíudach) i mBrooklyn nuair a bhí sí cúig bliana d'aois. D'fhreastail sí ar Public School 89 agus Erasmus High School ina dhiaidh sin, áit ar chan sí sa chóir le dalta eile, Neil Diamond. Chríochnaigh sí ar scoil agus í sé bliana déag d'aois agus go haicearrach ina dhiaidh sin, thosaigh ag obair mar amhránaí i gclub oíche.
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Barbra Streisand, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.