Is é atá i gceist le ciníochas ná smaoineamh nó claontacht a deir gur fearr ciníocha áirithe ná cinn eile.
Is féidir leis an gciníochas seo a bheith bunaithe ar dhlíthe tíre ar nós an chórais apairtéid a bhí san Afraic Theas nó feiniméan leanúnach i measc phobail ar nós an fhrith-Ghiúdachais a bhí mar chúl taca don Uileloscadh le linn an Dara Cogadh Domhanda.
Reáchtáiltear Lá Idirnáisiúnta um Idirdhealú Ciníoch a Dhíothú ar an 21 Márta.
Rinne comhlacht neamhspleách Pivotal taighde thar ceann an Choimisiúin Comhionannais Thuaisceart Éireann féachaint le faisnéis bheacht a fháil faoin gceist ‘Tionchar an Bhreatimeachta ar Mhionlaigh Eitneacha agus Inimircigh i dTuaisceart Éireann’. Scrúdaíodh fíorthaithí agus braistint na ndaoine chomh maith leis na torthaí shocheacnamaíocha a bhí agus a bheidh ag an mBreatimeacht ar na mionlaigh sin abhus. D’airigh go leor gur thug Breatimeacht ugach do dhaoine chun naimhdeas d’inimircigh a nochtadh.
Bhí méadú ar eachtraí fuatha in aghaidh dhaoine ón Áise ó 2016, bliain an reifrinn a ghlac leis an mBreatimeacht agus ardú go ginearálta ar mhaslú nó ionsaí ar inimircigh/ Ina theannta sin ar fad bhí daoine míshuaimhneach, imníoch faoina stádas i ré an Bhreatimeachta.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ciníochas, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.