Is ainmhí clóis é an cat (Felis catus), nó an cat clóis/tí/baile, mar a thugtar air uaireanta chun idirdhealú a dhéanamh idir é agus féilínigh eile.
Felis catus | |
---|---|
Taifead | |
Sonraí | |
Tréimhse iompair | 64 laethanta |
Is foinse é an tacsón seo de | cat dander (en) |
Ionchas saoil | c. 20 bliain |
Galar | ailléirge cat |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Mammalia |
Ord | Carnivora |
Fine | Felidae |
Géineas | Felis |
Speiceas | Felis catus Linnaeus, 1758 |
Ainmníocht | |
Ainm comhchiallach an tacsóin |
Ceiliúrtar Lá Idirnáisiúnta an Chait ar an 8 Lúnasa. Ba é an Ciste Idirnáisiúnta um Leas Ainmhithe (International Fund for Animal Welfare) a chuir tús leis an nós in 2002.
Tá caidreamh fada ag an gcat leis an gcine daonna, ar a laghad 9,500 bliain, mar pheata agus chun an ruaig a chur ar mhíolra. Téann bunús na gcat ceansaithe baile siar go dtí an Neasoirthear nuair a thosaigh an cat fiáin a dhul a chónaí i measc na mbailte nua a bhí á dtógáil ann ag an am. Síolraíonn gach cat ar domhan ó chúig chat fia baineann a ceansaíodh sa tréimhse sin agus anois tá níos mó ná 70 pór ar fad ann.
Níorbh fhada gur leathnaigh an cat baile ar fud an domhain. Inniu bíonn an-tóir go deo ar fhíseáin, íomhánna agus méimeanna a bhaineann leis an ainmhí beag. Is amhlaidh go bhfuil an oiread físeán faoi chait ar Youtube – thar 2 mhilliún! – go bhfuil ‘Sonóg Neamhoifigiúil an Idirlín’ baiste ar an chat!.
Tá gach seans ann go síolraíonn an focal ‘cat’, atá le fáil i dteangacha ar fud na hEorpa, ón mhórcheantar céanna, ó theanga Afra-Áisice nó teanga a bhí á labhairt san Éigipt roimh an Choptais.
Mamach beag feoiliteach atá i gceist. Deineann na cait fuaim faoi leith; deirtear go mbíonn an cat ag crónán.
Creachadóir tréitheach é, agus meastar go bhfuil thart ar 1,000 speiceas á fhiach aige mar bhia. Tá sé sa dúchas ag an gcat lucha a mharú, go háirithe.
Bíonn an cat an-neamhspleách
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Cat, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.