Lá Fhéile Muire Na Gcoinneal

Is comóradh é Lá Fhéile Muire na gCoinneal ar an Toirbheart sa Teampall, An Taispeáint nó Nochtadh Chríost do na gintlithe, agus ar Íonghlanadh Mhuire, nó Ionghlanadh na Maighdine Beannaithe Muire (Malachi 3,1-4.

/ Lúcás 2,22-32). Tugtar "Candlemas" ar an fhéile i mBéarla, Chandeleur sa Fhrainc, Candelaria sa Spáinn srl.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá Fhéile Muire na gCoinneal
Íomhá
Cineállá saoire
lá féile Críostaí
saoire phoiblí Cuir in eagar ar Wikidata
Comóireann séToirbhirt an Linbh Íosa sa Teampall Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deMórfhéilte na hEaglaise Ceartchreidmhí Cuir in eagar ar Wikidata
2 Feabhra
15 Feabhra (Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise) Cuir in eagar ar Wikidata
Oidhreacht chultúrtha
National Inventory of Intangible Cultural Heritage in France (en) Aistrigh Lá Fhéile Muire Na Gcoinneal 


Lá Fhéile Muire Na Gcoinneal
Lá Fhéile Muire na gCoinneal i Strasbourg

Ceiliúrtar an fhéile ar 2 Feabhra gach bliain san Eaglais Chaitliceach.

Lá Fhéile Muire Na Gcoinneal
Pfarrkirche St. Bonifatius, Emmendingen, 1473

Stair

Ghlac an Eaglais i dtús a ré leis an Fhéile Rómhánach agus rinne an Pápa Gelasius I Féile Mhuire na gCoinneal di in 494 AD; ceiliúrtar ar an dara lá den mhí í, daichead lá i ndiaidh Fhéile na Nollag.

Lá Fhéile Muire Na Gcoinneal 
Diablo Puneño nó Diablada puneña le linn Fiesta de la Candelaria i bPeiriú.

An Soiscéal

D’fhás an leanbh, é lán d’eagna (Lúcás 2:22-40). Cuireann an sliocht seo síos ar íonghlanadh Mhuire agus ofráil an linbh Íosa sa Teampall.

Leagann Lúcás béim ar cé chomh tugtha is sa bhí Muire agus Iósaef  ar Dhlí an Tiarna, Dlí Maois, a chomhlíonadh.  Luann sé faoi dhó é, ag dul chun an Teampaill dóibh agus ag deireadh ag filleadh dóibh “nuair a bhí gach ní curtha i gcrích de réir dhlí an Tiarna”. Maidir le breith linbh agus breith chéadghin fireannigh, bhí rialacha i ndlí Maois. Maidir le híonghlanadh, is í an mháthair amháin atá i gceist agus is uan a bheadh le hofráil aici, agus dá mba raibh sí ró-bhoch le uan a ofráil, ansin péire colm nó dhá ghearrcach colúr. Bheadh an t-íonghlanadh  le déanamh dachad lá tar éis bhreith an linbh. Maidir le ofrail chéadghin fhirinnigh, bheadh an leanbh sin le hofráil don Tiarna agus le “fuascailt”, ach ní luaitear aon am beacht chuige sin. D’fhéadfaí sin a cheangal leis an íonghlanadh, ar ndóigh, go háirithe ag daoine a raibh orthu turas fada a thabhairt orthu féin teacht go hIarúsailéim agus an Teampall.  Labhraíonn Lúcás i slí ghinearálta anseo sa réamhrá  seo do thoirbirt an linbh sa  Teampall. Labhraíonn sé faoi   thuismitheoirí Íosa, bíodh go bhfuil ráite aige cheana gur maighdean Muire,  nach raibh aithne fir aici. Tá Iarúsailéim agus an Teampall lárnach dá bhfuil le rá ag Lúcás, agus tá an Teampall anois le fianaise a thabhairt d’Íosa.

Piseoga

  • Nuair a bhí Muire ag tabhairt an pháiste chuig an Teampall, bhí imní uirthi mar gur cheap sí go mbeadh slua mór ansin roimhe. Thairg Naomh Bríd aird an tslua a thógáil den leanbh trí cheannbheart a chur uirthi féin a raibh coinnle lasta air. D’ordaigh Muire ansin go mbeadh Lá Fhéile Bríde ann an lá roimh Lá Fhéile Muire na gCoinneal.
  • duchas.ieː "Is gnáthach le gach teaghlach coinnle a fhágail i dtig an phobail an lá seo le n-a bhfághail coisrioctha ag an aifrionn...". "Titeann Lá Fhéile Bríde roimh Lá Fhéile Muire na gCoinneal mar ins an am sin bhí sé déanta de dhlí ag an eaglais na mná a bheadh le coisreacan cliath choinnle a iompar ar a gceann lasta isteach i láthair an phobail. Bhí náire ar an Mhaighdean Ghlórmhar a n-iompar. Ach d'iompar Naomh Bríd ar a ceann féin iad leis an náire a thógáil di. Sin é an fáth go dtigeann Lá Fhéile Bríde roimh La Fhéile Muire na gCoinneal".

Seanfhocail

  • Má tá Lá Fhéile Muire na gCoinneal go breá, tá dhá gheimhreadh sa mbliain.

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

Lá Fhéile Muire Na Gcoinneal StairLá Fhéile Muire Na Gcoinneal An SoiscéalLá Fhéile Muire Na Gcoinneal PiseogaLá Fhéile Muire Na Gcoinneal SeanfhocailLá Fhéile Muire Na Gcoinneal Féach freisinLá Fhéile Muire Na Gcoinneal TagairtíLá Fhéile Muire Na GcoinnealAn FhraincAn SpáinnMuireSoiscéal LúcáisToirbheart an Linbh Íosa sa Teampall

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Gaeilge MhanannBruno MadernaÁbhar saorCóras Idirnáisiúnta na nAonadMeiriceá ThuaidhDrochaid a' BhannaAigéad hidricianachMuireStairDún GallCamille PissarroAci BonaccorsiLéineDiosbóisP. RamleeSíoltaPádraic Ó ConaireLeann dubhAn IndiaLiosta Séadchomharthaí Náisiúnta (An Clár)Leabharuimhir Chaighdeánach IdirnáisiúntaÉiceolaíochtAn t-ArcharLinne ChluaidhSahatsa JauregiA' MhòighTreehouse of Horror VIIarthuaisceart-Lár na Tíre (toghcheantar na hEorpa)An tIRA Sealadach69 (suíomh gnéis)Meimfís (An Éigipt)Luas (tram)Michelle ObamaGalen2024Terry WoganAn DanmhairgÈirisgeighRalph WiggumSpriocanna Forbartha InbhuanaithePDaithí Ó MuiríTuirbínUniversity College LondonCaisteal MheilcAgairg na gcuileannaConway TwittyEd SheeranAntraipeolaíochtAn RúisisErik SatieStephen HawkingHugo Pastor CorroCoileánÉasafagaíteas eoisinifileachOideachasApalló (miotaseolaíocht)StánMartin LandauLiosta de charachtair Ros na Rún (1996)AlltaisAn ÍoslainnGaiscíochGrianBrazzavilleAn t-ÌochdarEalaín ÉatrúscachPápa Iúil IIGYATT RizzlerThomas Jefferson🡆 More