Scríbhneoir úrscéalta éadroma eachtránaíochta ón bhFrainc a bhí i Jules Gabriel Verne (a rugadh i Naoned ar an 8 Feabhra 1828, agus a fuair bás in Amiens ar an 24 Márta 1905).
Bhí Verne ina cheannródaí don fhicsean eolaíochta.
Tá Verne ar dhuine de na scríbhneoirí is mó a aistrítear go teangacha eile, agus chuaigh a chuid eachtraí sciobtha dúisitheacha i bhfeidhm ar an dúrud glún de léitheoirí óga. Is iad na húrscéalta úd
ach go háirithe, a thabhaigh a chlú dó, ach bhí sé bisiúil thar na bearta, agus bhreac sé síos a lán eile freisin.
Bhí Verne in ann aireagáin na fichiú haoise agus an tionchar a bheadh acu ar an saol a shamhlú roimh ré.
Is iomaí tairngreacht dá chuid a tháinig isteach fíor i ndiaidh a bháis. Bhí sé ábalta cur síos a thabhairt ar fhomhuireán, ar spástaisteal, ar an Idirlíon agus ar na ríomhairí féin i bhfad sular tháinig a leithéidí ar an bhfód. Mar sin, fáidh a bhí ann, ar bhealach, nó sin mar a fheictear dá lán léitheoirí é inniu.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Jules Verne, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.