Tá Cónaidhm na Rúise comhdhéanta as cúig bhallaonad is ceithre scór, agus beirt ionadaithe ag gach aonad riaracháin den chineál sin i gComhairle na Cónaidhme, arb é teach uachtarach na Parlaiminte sa Rúis.
Is féidir na haonaid seo a aicmiú ina sé chatagóir, mar atá, poblachtaí, cúigí - область/oblast´ an téarma Rúisise, críocha (край/krai an téarma Rúisise), cúigí féinrialaitheacha (автономная область/avtonomnaya oblast' an téarma Rúisise), ceantair fhéinrialaitheacha (Rúisis: автономный округ/avtonomnyi okrug) agus Cathracha Cónaidhme.
Na poblachtaí féinrialaitheacha: tá aon cheann fichead acu ann. Tá gach poblacht den chineál seo ainmnithe as mionlach eitneach áitiúil, agus i dtús báire, bunaíodh iad le féinrialtas de chineál éigin a chur ar fáil don mhionlach. Go praiticiúil, is minic a bhíonn an Rúisis agus an cultúr Rúiseach chun tosaigh sna poblachtaí seo. Tá a bunreacht agus a parlaimint féin ag gach poblacht den chineál seo.
Na cúigí: is é an cúige an ballaonad is tipiciúla sa Chónaidhm. Tá seacht gceann is dhá scór acu ann. Gobharnóir atá i gceannas ar gach cúige, agus is é an rialtas lárnach i Moscó a cheapann é. Thairis sin, tá oireachtas de chineál éigin ann, agus na teachtaí á vótáil isteach sna toghcháin. Go ginearálta, is ionann ainm an chúige agus ainm na cathrach is mó sa chúige.
Na críocha: ocht gcinn acu atá ann. Níl mórán difríochta idir iad seo agus na cúigí. Ainm stairiúil is ea an focal край ("críoch"), agus é ag tabhairt le tuiscint gur réigiún in aice leis an teorainn a bhí ann ar dtús.
Na cúigí féinrialaitheacha. Níl ach aon cheann amháin ann: Cúige Féinrialaitheach na nGiúdach. Bunaíodh é sa bhliain 1934 mar "mhalairt Iosrael" do na Giúdaigh, nó bhí Stailín buartha faoin Síónachas agus faoin tionchar a bhí aige ar Ghiúdaigh an Aontais Shóivéadaigh. Le fírinne, tá an cúige suite sa Chian-Oirthear, cois na Síne, agus is beag Giúdach a bhí sásta socrú síos ansin.
Na ceantair fhéinrialaitheacha. Tá sé cinn ann. Tá siad idir eatarthu ó thaobh an stádais de - níl siad chomh féinrialaitheach leis na poblachtaí, ach tá siad níos féinrialaithí ná na gnáthchúigí. Le haghaidh na mionlach eitneach a bunaíodh na ceantair seo, cosúil leis na poblachtaí féinrialaitheacha.
Cathracha na Cónaidhme. Dhá Chathair Chónaidhme atá ann - Moscó agus Cathair Pheadair, ar ndóigh.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ballaonaid Chónaidhm na Rúise, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses. ®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.