Is tír atá suite i ndeisceart na hÁise í an Phacastáin, (Urdúis: پاکستان) nó Poblacht Ioslamach na Pacastáine go hoifigiúil.
An Phacastáin | |||||
---|---|---|---|---|---|
پاکستان (ur) پاکستان (pa) پاڪستان (sd) پاکستان (ps) Pakistan (en) پاکستان (mis) پاکستان (brh) Pákistán (brh) پاکستان (mis) پاکِستان (ks) پاڪستان (skr) | |||||
| |||||
Aintiún | Qaumi Taranah | ||||
Mana | «Iman, Ittihad, Nazm» | ||||
Ainmnithe in ómós | Ikhlas (en) , Puinseáb, Khyber Pakhtunkhwa (en) , Azad Kashmir (en) , An tSind agus An Bhalúcastáin | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Islamabad | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 223,773,700 (2021) | ||||
• Dlús | 253.74 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | Béarla An Urdúis (national language (en) ) | ||||
Reiligiún | Ioslam, An Chríostaíocht, An Hiondúchas agus Ahmadach | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 881,913 km² | ||||
Pointe is airde | K2 (8,610) | ||||
Pointe is ísle | Muir Arabach (0 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Réimeas Briotanach, presidencies and provinces of British India (en) agus Dominion of Pakistan (en) | ||||
Cruthú | 14 Lúnasa 1947 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht chónaidhme agus poblacht pharlaiminteach | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na Pacastáine | ||||
Comhlacht reachtach | Parlaimint na Pacastáine | ||||
• Uachtarán na Pacastáine | Mamnoon Hussain (2013–2018) | ||||
• Príomh-Aire na Pacastáine | Mian Muhammad Shehbaz Sharif (2022–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 348,262,544,719 $ (2021) | ||||
Airgeadra | rúipí na Pacastáine | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .pk | ||||
Glaochód | +92 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 1122, 15 agus 16 | ||||
Cód tíre | PK | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | pakistan.gov.pk |
Tá imeallbhord aici de 1046-ciliméadar (650 míle) ar feadh chósta an Mhuir Arabach agus Mhurascaill Óman sa taobh ó dheas agus tá teorainneacha aici leis an Afganastáin agus an Iaráin san iarthar, an India san oirthear agus an tSín i bhfad san oirthuaisceart. Luíonn an Táidsíceastáin freisin an-ghar don Phacastáin, ach tá sí deighilte uaithi ag an Chonair Wakhan.
An séú tír is mó sa domhan de réir daonra atá ann, agus an dara tír Ioslamach is mó.
Príomhchathair na Pacastáine í Islamabad (Urdúis: اسلام آباد, "áitreabh Ioslam") atá suite in iarthuaisceart na tíre. Tógadh Islamabad sna 1960í chun a bheith ina príomhchathair nua.
Is í Karachi an chathair is mó sa Phacastáin. Tá sí suite ar Mhuir na hAraibe.
Bunaíodh an stát nua-aimseartha sa bhliain 1947. Bhí ar an mBreatain neamhspleáchas a ghéilleadh don India agus tháinig deireadh leis an Réimeas Briotanach.
Cuireadh críochdheighilt i bhfeidhm ar an Phacastáin agus India sa bhliain 1947. Bunaíodh an Phacastáin agus an India, na tíortha chomharbais. Roinneadh Puinseáb, mar a bhí, eatarthu.
Sna 1940idí, bhí Muhammad Ali Jinnah ina cheannaire ar Chumann na Moslamach. Páirtí pobalach a bhí ann. Ghríosaigh óráid Jinnah an teannas ciníoch, de réir a chéile. Is cosúil gur thacaigh tromlach millteanach na Moslamach an críochdheighilt i 1947, ach ní raibh sé mar sin tamall de bhlianta roimh 1947.
Bhí Moslamaigh ina gcónaí san India le fada an lá, ur le hur le Hiondúigh agus le Saícigh. Bhí an fanaiceacht chreidimh ann i gcónaí, ach bhí an teannas ag cur thar maoil i 1947.
Thug Gandhi le tuiscint go raibh sé glan i gcoinne an chríochdheighilt. Ach tá na staraí den tuairim inniu go raibh sé mí-ionraic. Bhí Gandhi réidh le teacht ar chomhréiteach. Ach ní raibh sé sásta sciar den fhreagracht a ghlacadh. Agus bhí Rialtas na Ríochta Aontaithe ag séanadh a bhfreagracht chomh maith.
Fógraíodh neamhspleáchas ar an 14 Lúnasa 1947. Bhain an stát nua Stádas Tiarnais (Dominion Status i mBéarla) amach. nuair a scaradh í ón India.
Tharla cinedhíothú le linn na tréimhse seo. Líon iomlán na marbh: 1-2 milliún b'fhéidir. Tharla trasimirce ollmhór; tugadh bata is bóthar do 12 milliún, an trasimirce is mó riamh i stair an domhain.
Fógraíodh Poblacht Ioslamach ar an 23 Márta 1956.
Bhí Zulfikar Ali Bhutto ina phríomhaire ar an bPacastáin sna 1970idí. Cuireadh é as oifig i mí Iúil 1977 i gcoup síochánta. Ghlac an Ginearál Zia an chumhacht chuige féin. Cuireadh Zulfikar chun báis dhá bhliain níos déanaí.
Bhí Benazir Bhutto ina príomhaire ar an bPacastáin idir na blianta 1988 agus 1990, agus arís ón mbliain 1993 go 1996. Feallmharaíodh í ar an 27 Nollaig, 2007 tar éis slógaidh pholaitiúil.
Meastar go bhfuil an seachtú harm is mó sa domhan ag an bPacastáin, agus airm núicléacha chomh maith. Ar an 14 Lúnasa 1998, bhí olc ar an domhan nuair a tugadh le fios gur phléasc an Phacastáin buama núicléach faoin talamh.
Tháinig an Ginearál Pervez Musharraf isteach san oifig ar 20 Meitheamh 2001, tar éis coup d’état ar 12 Deireadh Fómhair 1999. D'éirigh sé as a phost ar an 18 Lúnasa 2008.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article An Phacastáin, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.