Is gléas forimeallach ríomhaireachta é printéir (nó clóire) a mbaintear feidhm as le haschur ríomhaire a chlóbhualadh ar pháipéar nó ar ábhar eile.
Trí chnaipe a bhrúigh ar scáileán an ríomhaire, is féidir cáipéis nó comhad a chlóbhualadh go han-tapa ar fad sna printéirí. Bíonn páipéar agus dúch nó tonóir sa phrintéir agus clóbhuailtear an cháipéis agus an comhad go tapa. I bprintéirí an lae inniu, ní dhéanann siad teagmháil dhíreach leis an bpáipéar mar a tharla san am atá thart.
Is féidir le printéir bheith ceangailte le ríomhaire amháin nó líonra de ríomhairí. Bíonn cead ag gach duine sa líonra feidhm a bhaint as an bprintéir. Is mar seo a bhíonn sé in oifig de ghnáth. Ní gá don phrintéir bheith ceangailte le ríomhaire le sreanga. Is féidir le ríomhaire nascadh le printéir trí chóras fodhearg nó Bluetooth. Is féidir gach cineál comhaid a chlóbhualadh sna printéirí is nua-aimseartha. Is féidir cáipéisí, íomhánna, grianghraif agus taispeántais a chlóbhualadh. Is féidir leo a bheith daite más é sin mian an té a chlóbhuail iad.
Is iad na príomhchineálacha atá ar an margadh anois ná:
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Printéir, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.