Planda iomráiteach a tháirgeann tiúbair is ea an práta (nó an Spáinneach Geal, nó préata nó fata; Solanum tuberosum).
Solanum tuberosum | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | práta agus potato starch (en) |
Planda | |
Cineál an toraidh | caor |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Solanales |
Fine | Solanaceae |
Treibh | Solaneae |
Géineas | Solanum |
Speiceas | Solanum tuberosum L., 1753 |
Nuair a fhástar plandaí nua ó na tiúbair, is clóin iad seo de na máthairphlandaí. Is luachmhar é seo mar gur féidir tréithe fabhracha a chaomhnú. Tá na mílte cineálacha ann, iad uile den speiceas céanna.
Tá suas le 160 speiceas sa nádúr, agus níl siad gaolta go dlúth i gcónaí.
Planda atá dúchasach do Mheiriceá Theas is ea an práta, áit ar saothraíodh é le fada fada le cineálacha buntúsacha mar bharr ó 200 AD ar a laghad. Sna hAindéis Arda ó cheann ceann na hilchríche a bhíodh an práta roimh theacht na nEorpach.
Mar sin, tháinig an práta as Meiriceá Theas ó thús. Timpeall lár an 16ú céad a tugadh isteach sa Spáinn é, agus uaidh sin scaip sé ar fud na hEorpa.
Tá fabhalscéal eile ann, gur thug an ridire Walter Raleigh an práta go hÉirinn as Meiriceá Theas. Ar an 28 Iúil 1586, cuireadh an práta (an práta milis) don chéad uair in Éirinn. Ach is finscéal ann, is cosúil.
Tá finscéal ann gur tháinig an práta go hÉirinn an chéad uair le seoltóirí Spáinneacha ag teitheadh ó na Sasanaigh ,i ndiaidh an ionsaí mírathúil le hArmáid na Spáinne sa bhliain 1588. Ach tuagadh an t-ainm "Spáinneach Geal" ar an práta ar dtús, gur tháinig an práta go hÉirinn le trádálaithe as an Spáinn.
Faoi seo táirgtear 90% de phrátaí an domhain sa seandomhan, oirthear na hEorpa go háirithe. Tá a tháirgeadh domhanda ionchurtha i dtábhacht le táirgeadh na ríse agus na cruithneachta; é de 314 billiún tona sa bhliain 2011, an tríú barr is mó fásta i ndiaidh an dá bharr eile sin. Is sna tíortha oir-Eorpacha a ídítear na prátaí is mó ná aon áit eile; sa bhliain 2011, b'í an Bhealarúis an tír a d'ídigh an méid is airde ar domhan díobh: 185kg in aghaidh an chónaithe.
Tá claonadh ag prátaí le galair éagsúla, galair víreasacha is dúchan go háirithe. Bíonn taighdeoirí is síolraitheoirí ag iarraidh póir fhrithsheasmhacha le táirgiúlacht fheabhsaithe a shaothrú an t-am ar fad, agus san iarracht seo tá na speicis fhiáine le tréithe frithsheasmhacha éagsúla an-tábhachtach sa linn géinte.
Is iomaí cineál bia a dhéantar le prátaí. B'fhéidir gurb iad sceallóga an bia is coitianta a dhéantar le prátaí. Déantar brioscáin phrátaí astu freisin. Táthar an-chosúil lena chéile ach amháin go bhfuil sceallóga níos tibhe agus níos tanaí ná brioscáin phrátaí. Itear sceallóga te; itear brioscáin phrátaí ag teocht an tseomra. Is iomaí blas a bhíonn ar mbrioscáin phrátaí amhail salann agus fínéagar, cáis agus oinniún, blas bagún deataithe, blas curraí, blas Tabasco is araile.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Práta, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.