Cadhc

Is bád beag cosúil le curach nó le canú é cadhc ((kayakadóireacht).

Tugtar canú orthu go coitianta in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór, ach de ghnáth úsáidtear céasla débhosach sa chadhc, in áit na céasla aonbhosaí a ghabhann le canú.

Infotaula d'esportCadhc
Cadhc
Spórtcanoeing and kayaking (en) Aistrigh
Cineálskin boat (en) Aistrigh, human-powered vehicle (en) Aistrigh agus boating & rafting product (en) Aistrigh
Cadhc
Cadhcanna

Ins an chadhc suíonn an céaslóir agus a chosa sínte amach roimhe nó roimpi. Bíonn bord ar bharr an chadhc, agus suíonn an céaslóir i bpoll san gcábán ar féidir séala a chuir air le spré-sciorta. Stopann sé seo uisce ag slaparnach os cionn an bháid, ó dhul isteach ann agus sa chás a n-iompaíon an chadhc, ní líonfaidh sé le h-uisce agus tá an céaslóir le scil in ann an chadhc a thabhairt ar ais arís gan uisce a thabhairt isteach. Tugtar an Eskimo Roll ar an gcasadh seo.

Bunús

Is iad dream an Inuit, daoine dúchasacha a mhaireann i réigiúin Artach Mheiriceá Thuaidh agus an Ghraonlainn a d'fhorbair an chadhc ar dtús. Ciallaíonn an focal cadhc 'bád an fhir'. Is seanmhodh iompair í an chadhc ar baineadh úsáid aisti tar éis an rafta. Bhí an chéad chuid díobh déanta as fráma adhmaid clúdaithe le h-éadach nó craiceann ainmhí ar nós craiceann rón nó béar. Rinne fir a bheadh chun úsáid a bhaint astu iad, le cabhair óna gcuid mná céile a dhéanfadh na craicne a fhuail. Chomh maith leis sin d'fhuailtí cóta craicne an fhir/t-seilgeora isteach i gcraicne an chadhc, chun séala uisce dhíonach a chruthú. Bhíodh an fear ag tomhais fráma don chadhc ar a bhacán láimhe agus tá cadhc thart ar naoi déag troigh ar fhad. Chuir an modh tomhais seo taiscealaithe Eorpach san seachtú haois déag trína chéile mar bhí siad ag iarraidh an chadhc a chóipeáil mar bhí gach cadhc mar sin beagáinín difriúil. D'úsáidtí an chadhc chun iascaireacht/seilg ar uiscí cósta agus ar uiscí oscailte an Aigéin Artach, go h-ionduail le harpúin agus lansaí, agus le dúáin éin chomh maith. De bhrí gur fuaileadh an céaslóir isteach san mbád ní bhíodh siad ábalta fáil amach as an gcadhc dá n-iompódh sé bun os cionn, í a thabhairt ar ais ceart agus fáil ar ais isteach inti rud ar a dtugtar an wet exit air. Bhí sé ríthábhachtach mar sin gur oibrigh an eskimo roll atá thuasluaite, gur tugadh ar ais an bád i gceart. Ní raibh aon ghaireais snáimhe nua-aimseartha ag na daoine seo ná cosaint uisce fuar. Dá gcaití in uiscí fuara an Aigéin Artach iad is cinnte gur é an bás a bheadh in ann dóibh.

Cadhcáil Nua-Aimseartha

Ins an lá atá inniu ann tá go leor forbairt déanta ar an gcadhcáil. Tá go leor cineálacha éagsúla cadhcáil ann ar nós cadhcáil in uiscí geala, cadhcáil toinníochta, cadhcáil farraige, cadhcáil in uiscí ciúine, rásaíocht síos an abhainn, Slalom, polo curach agus cadhcáil mar chaitheamh aimsire.D'fhéadfá na cineálacha éagsúla seo a fhoroinnt chomh maith. Tá cadhcaí anois déanta as plaisteach, canbhás, gloine shnáithíneach, éadaí eile nó adhmad. Bíonn na báid seo déanta do dhuine amháin nó suas go ceathrar.

Cadhcáil Farraige

Le deich mbliana anuas tá fás mór tagtha ar an suim san gcadhcáil farraige in Éirinn. Ach níl anseo ach rud nádúrtha i dtír atá timpeallaithe ag roinnt de na líntecósta is suntasaí agus éagsúlacht breá oileáin. Tá cadhcáil farraige tarraingteach i mbealaí go leor. Is féidir leat taisteal tríd oileáin gan áitriú agus aillteacha scanrúla agus an saoirse agat dul ag taiscéalaíocht áit ar bith is mian leat i bhfarraigí ciúine nó bheith ag troid in aghaidh fiántas na farraige agus an ghaoth ag bualadh na farraige san aghaidh ort. Is cinnte gur féidir le tosaitheoir nó feabhsaitheoir strus an tsaoil a fhágáil ina ndiaidh ar an bhfarraige.

Cadhcáil Slalom

Cadhc 
Slalom

Is é an churachóireacht Slalom in uiscí geala ceann de na spóirteanna uisce is suntasaí ina dteastaíonn scil,neart agus misneach.Tá sé ar cheann den dá chomórtas curachóireachta a bhíonn ar siúl ag Cluichí Oilimpeacha an tsamhraidh.Is cadhcáil in uiscí ciúine an comórtas oilimpeach eile. Bhí curachóireacht Slalom mar chomórtas sna Cluichí Oilimpeacha den chéad uair i 1972 in Augsburg sa nGearmáin. Ach níor facthas é arís go dtí 1992 i Seu D'Urgell mar chuid de chluichí Barcelona. O shin i leith, tá céaslóireacht Slalom go rialta ag na Cluichí Oilimpeacha. Is spórt an-iomaíoch é an churachóireacht Slalom agus is í an aidhm a bhíonn leis ná curach nó cadhc a stiúradh tríd cúrsa geataí ar abhainn le uisce sciobthaí ins an am is tapúla atá siad in ann. Is féidir leis an gcúrsa a bheith ar chineálacha éagsúla uisce. Is féidir leo a bheith rite ar uisce sciobthaí nádúrtha nó ar chúrsaí saorga. Tá na cúrsaí saorga seo tógtha go speisialta i gcóir rásaíocht Slalom. In Éirinn tá formhór na rásaí nádúrtha ar choraí de bharr an easpa uisce sciobthaí insroichte. Tá toirt íseal agus déanamh caol ar bháid Slalom chun go mbeidh siad ábalta gearradh tríd an uisce agus fáil tríd cuaillí an gheata. Bíonn cheithre chineál comórtas ann. Déantar tagairt do rásaí oilimpeacha ag úsáid cód simplí, ina seasann K do chadhc as Béarla nó C do churach ceanadach agus seasann an uimhir a bhíonn i ndiaidh an litir don méid céaslóirí. Ins na rásaí Slalom glacann na fir páirt sna rásaí C-1, C-2 agus K-1 ach ní bhíonn ach rásaí K-1 na mban ann.Is de bharr a cuid iomaíocht san gcadhcáil Slalom ins na Cluichí Oilimpeacha a bhfuil cáil bainte amach ag Eadaoin Ní Challaráin as an Spidéal i gCo. na Gaillimhe. Ins na Cluichí Oilimpeacha san Ataen i 2004 tháinig Eadaoin san t-aonú h-áit déag san mbabhta leathcheannais K-1 ach bhí sí áit amháin amach ó áit san mbabhta ceannais.

Rialacha an Slalom

Níl cead ag an gcadhcóir teagmháil leis na geataí seo leis an gcéasla, leis an gcadhc, leis an gceann ná corp. 'Séard is geata ann ná dhá chuaille a bhíonn crochta as sreang trasna an uisce. Bíonn geataí glas agus bán ag dul síos an abhainn. Bíonn geataí dearg agus bán ag dul suas an abhainn. Tá na geataí leagtha sa gcaoi is go mbeidh ort gluaiseachtaí casta tras-shruth a dhéanamh agus úsáid a bhaint as na tonnta agus cúl-shruthanna. Gearrtar pionós ar theagmháil leis na geataí tré dhá shoicind a chur le am an iomaitheora.

Cuirtear caoga soicind le am an iomaitheora mura n-éiríonn leis/léi dul tríd geata ar fad,má bhíonn sé/sí ceathaireach a cúig céim amach ón ngeata,má théann tríd an ngeata bun os cionn nó má théann tríd geataí san ord mícheart. Tógann cúrsaí Slalom go h-ionduail ochtó go dhá chéad soicind a stiúradh agus bíonn dhá rith ag gach iomaitheoir agus cuirtear na h-amanna ón bpéire le chéile. Beidh ocht déag go fiche cúig geata ag gnáth chúrsa, le meascán de gheataí ag dul suas abhainn agus síos abhainn.Is féidir le fad an chúrsa a bheith éagsúil ach go h-ionduail bíonn sé idir 250-400 méadar.

Ocáidí Rásaíochta eile

Chomh maith leis na Cluichí Oilimpeacha bíonn go leor rásaí fada curachóireacht eile ar siúl.I measc an chuid is mó a bhfuil cáil orthu tá an Sella Descent i dTuaisceart na Spáinne, rás 16.5km ar cuireadh tús leis i 1931, an Liffey Descent (ar an Life), rás 28.2km atá ar siúl in Éirinn ó 1959, an rás uisce ciúin idir-náisiúnta a thosaigh i 1948, ar siúl ar chúrsa 23 míle (37km) síos an abhainn ag Salida, Colorado, agus an Avon Descent san Astráil. Tosaíonn séasúr an rásaíocht in Éirinn i mí Márta agus críochnaíonn i mí Deireadh-Fómhair.

Conclúid agus nascanna úsáideach

Tá sé sách furasta an chadhcáil a thógál suas mar chaitheamh aimsire nó mar spórt iomaíoch. Cuireann aibhne na h-Eireann agus na farraigí mórthimpeall seansanna iontach curachóireachta ar fáil.Is féidir iomradh ar uiscí ciúine ar chanáileacha agus aibhne nó dóibh siúd a dteastaíonn scleondar uatha is féidir leo uiscí garbh a phiocadh.An t-am is fearr don spórt seo ná an geimhreadh nuair a ardaíonn báisteach throm sruth na n-aibhneacha chun scileanna an churachóir a thástail. Bhí curachóirí aonair sa tír ar feadh blianta fada ach ba i ndeireadh na gcaogadaí agus go luath ina dhiaidh sin i 1960 a bunaíodh an Irish Canoe Union. Tá a chomhionann CANI i dTuaisceart Eireann. Bíonn cúrsaí ar siúl ag formhór na n-ionaid eachtraíochta agus na n-ionaid oideachais taobh amuigh ar fud na tíre.Cuireann an ICU cúrsaí ar siúl thar lear chomh maith.

Tagairtí

Naisc sheachtracha

Tags:

Cadhc BunúsCadhc áil Nua-AimsearthaCadhc áil FarraigeCadhc áil SlalomCadhc Ocáidí Rásaíochta eileCadhc Conclúid agus nascanna úsáideachCadhc TagairtíCadhc Naisc sheachtrachaCadhcAn Bhreatain MhórCanúIomradhÉire

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Recep Tayyip ErdoğanDonostia-San SebastiánJuan Antonio Villacañas26 Márta2021 sa spórtEverettTina Turner1979Michael CaineColún reathaAn BhanglaidéisCogadh Spáinn-MheiriceánachTeangacha Ceilteacha800íBrad PittColáiste Phádraig, Má NuadLudwig van BeethovenRyan CooglerAn IodáilNa Náisiúin AontaitheLá saoireFéilireBanc Angla-ÉireannachRíocht na Fraince2000 sa scannánMireille MathieuPlean tearmainn na Ríochta Aontaithe in RuandaAn ChróitHífeGearradh CaesarachTreehouse of Horror VToghchán an Chinn Comhairle chun Teach na nIonadaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá, 2023Creative CommonsBardas Bhaile Átha CliathAn Cogadh FuarSanta Ana, CaliforniaScála RichterCultúrUachtarKAn ÚcráinDó (imoibriú)10 IúilInnéacs Aarne-ThompsonAigéaneolaíochtMeáin chumarsáideArtaimís19162021An fearann poiblíRuathar ar institiúidí an stáit sa Bhrasaíl, 2023Buster KeatonGaeilge MhanannAn Araibis15 Nollaig1981 sa scannánGrindr, Saghdar, agus CherSunita WilliamsCharles BoyerComhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2023C++13 MeitheamhAn AstraláiseTiarna na bhFáinníMelvyn DouglasGiolgaimis749 (uimhir)Eachtra imirceach San Antonio, 2022Sally FieldOscar WildeMont-Saint-MichelAn GhréigRobin Williams🡆 More