Is éard is síol ann ná alt an-ghearr - níos lú ná paragraf amháin go hiondúil.
Ní féidir le síol tuairisciú ceart a dhéanamh ar ábhar ach amháin do na hábhair is neamhthábhachtaí. Ní chiallaíonn sé sin nach fiú don alt a bheith ann ach ba cheart go mbeadh ar a laghad, sainmhíniú ar theideal an ailt ann.
Má theastaíonn uait alt a mharcáil mar shíol, cuir an chlib seo ag deireadh an ailt, ach roimh na ranna Féach freisin agus Naisc sheachtracha:
Léireofar an téacs seo a leanas (ón Teimpléad:síol) san alt.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Tugann é seo misneach do dhaoine eile an t-alt a fhorleathnú. Tar éis píosa breise a scríobh don leathanach, sa chaoi nach bhfuil cuma shíl air níos mó, bain an chlib seo den alt.
Chun síol a fhorleathnú, is féidir leat tagairtí a chur isteach agus a lua faoin ábhar as leabhair, irisí nó nuachtáin. Tabhair cuairt ar naisc sheachtracha an ailt, má tá siad ann, nó d'fhéadfá cuardach a dhéanamh ar inneall cuardaigh ar nós Google nó Yahoo! chun tuilleadh eolais a fháil faoin ábhar. Cuimhnigh, áfach, nach féidir leat téacs a chóipeáil focal ar fhocal isteach sa Vicipéid, de réir an GFDL. Ar ndóigh, is féidir leat alt a aistriú ó theanga eile sa Vicipéid, m.sh. an Vicipéid i mBéarla.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Vicipéid:Síol, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.