Is éard atá i gceist leis an Súfaíochas nó Taṣawwuf (Araibis: التصوف), ná gné mhistiúil d'Ioslam, nó gluaiseacht mhisteach reiligiúnach a tháinig ar an bhfód i measc na Moslamach san ochtú haois.
(2014) | |
Sonraí | |
---|---|
Cineál | gluaiseacht reiligiúnach way of life (en) |
Foirm dlí | |
Bunaitheoir(í) | Mahamad |
Gníomhaíocht | |
Faoi thionchar | |
Tugtar 'sufaí (Araibis:صوفي, ṣūfī) de ghnáth ar dhuine a chleachtann an traidisiún seo. Ainm eile a thugtar ar 'sufaí' ná 'dairbhíseach' (Peirsis: درویش, Darvīsh).
Deir na Súfaithe go bhfuil siad meáite ar an anam a imghlanadh agus na constaicí idir an anam agus Dia a bhriseadh.
Shainmhínigh scoláirí Clasaiceacha Sufaisteacha an traidisiún mar "eolaíocht a bhfuil sé mar aidhm aici an croí a dheisiú agus é a chasadh ar shiúl ó gach rud eile ach Dia."
Ina mhalairt air sin, i bhfocail Ahmad ibn Ajiba, múinteoir na Sufaisteach Darqawi, "eolaíocht is ea í inar féidir le duine fios a bhaint amach conas dul ar thaisteal i láthair an Dhiagaire, conas an duine inmheánach féin a íonghlanadh ó bhrocamas, agus é a mhaisiú le tréithe éagsúla inmholta".
Thosaigh an litríocht Shúfaíoch ag éirí fairsing timpeall na bliana 1000. I Ré Órga Ioslam bhí an-ráchairt ar an smaointeoireacht Shúfaíoch, agus ba bheag file Ioslamach nár imir an Súfaíochas tionchar éigin air.
Inniu is féidir teacht ar lucht leanúna na gluaiseachta ar fud an domhain.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Súfaíochas, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.