Is dúil cheimiceach é an biosmat.
Is é an meáchan adamhach atá aige ná 208.98038 g/mol. Is í an uimhir adamhach atá aige ná 83, agus is í an tsiombail adamhach a sheasann dó ná Bi.
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach agus commodity (en) |
---|---|
Biosmat sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Bi |
Uimhir adamhach | 83 |
Mais adamhach | 208.9804 |
Peiriad, Grúpa | peiread 6 grúpa 15 |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Leictridhiúltacht | 2.02 |
Ga ianach | 0.96, 1.03, 1.17 agus 0.76 |
Stair | |
Miotal trom sobhriste é an biosmat agus blas beag pinc ar an loinnir gheal atá ann. Ó thaobh na ceimice de, tá sé cosúil leis an arsanaic agus leis an antamón, agus is í an ghnáthuimhir ocsaídiúcháin a bhíonn aige sna comhdhúile ná +3. Úsáidtear an biosmat i dtáirgí cosmaideacha agus sa leigheaseolaíocht, go háirithe le húsáid na luaidhe a sheachaint. Tá comhdhúile áirithe de chuid an bhiosmait nimhiúil go leor, ach tríd is tríd, ní bhíonn an biosmat leath chomh nimhiúil leis an luaidhe.
Dúil radaighníomhach é an biosmat. Ar feadh i bhfad, shíltí go raibh iseatóp nádúrtha an bhiosmait, 209Bi, ar an núiclíd chobhsaí ba troime a bhí ann. Ón taobh eile de, bhí an chuma ar an scéal go gcaithfeadh an t-iseatóp sin féin a bheith radaighníomhach ar chúiseanna teoiriciúla. Sa bhliain 2003, fuair na heolaithe in Orsay sa Fhrainc amach gur núiclíd radaighníomhach a bhí ann dáiríribh, agus an t-alfa-mheath ag teacht air. Ina dhiaidh sin féin, tá leibhéal na radaighníomhaíochta sin chomh híseal, agus leathré an iseatóip chomh fada, is gur féidir dearmad a dhéanamh di sa ghnáthshaol. Le fírinne, tá leathré an bhiosmait billiún oiread níos faide ná aois na hollchruinne féin.
Nuair a thiocfaidh biosmat gásaithe i dteagmháil le hocsaigin an aeir, ocsaídeofar go trí-ocsaíd dé-bhiosmait Bi2O3 é. Ocsaíd aigéadach atá inti agus í ag cruthú salann in éineacht le hiain na miotal. Tá dhá chineál ocsainian ag an ocsaíd seo, mar atá, BiO2- agus BiO33-. Le fírinne, tá sé de chlaonadh sa dá chineál ainian polaiméirí a chruthú. Mar shampla, tá ainian ciúbach ochtaiméireach, Bi8O2424- i gcomhdhúil an bhiosmait, an litiam agus na hocsaigine Li3BiO3.
Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Biosmat, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.