Is ainmhithe veirteabracha iad na hamfaibiaigh (ón nGréigis αμφις dhá and βιος saol), le raon mór tréithe is stíleanna beatha, de ghnáth le 4 chos, craiceann faireogach, gan lanna ná aon fhiafhás eile.
Maireann na larbhaí san uisce, agus análaíonn trí gheolbhaigh sheachtracha chleiteacha. Téann sé trí chlaochlú le linn a fháis nuair a chrapann is a imíonn na geolbhaigh. Análaíonn an t-ainmhí fásta le scamhóga, agus i méid áirithe tríd an gcraiceann. 3 phriomhrang díobh ann: salamandair is eirc, froig is buafa, agus caochailigh gan chosa. Tá tuairim agus 6,200 speiceas d'amfaibiaigh a mhaireann.
Amphibia | |
---|---|
Sonraí | |
Príomhfhoinse bia | feithid, iseapóid, Vermes, araicnid agus gastrapód |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Foríocht | Eumetazoa |
Fíleam | Chordata |
Fofhíleam | Vertebrata |
Foraicme | Tetrapoda |
Aicme | Amphibia Gray, 1825 |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Amfaibiach, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.