Is é Michael Jordan, nó MJ, an t-imreoir cispheile is fearr riamh (de réir an NBA in 2023 ar aon nós); bhuaigh sé 6 chomórtas leis an bhfoireann Chicago Bulls.
Rugadh é i mBrooklyn, Nua-Eabhrac sa bhliain 1963.
Bhog an teaghlach go Carolina Thuaidh nuair a bhí sé ina ghasúr óg. Bhuaigh sé scoláireacht cispheile go hOllscoil North Carolina.
Sa bhliain 1984 bhuaigh sé "Imreoir Choláiste Naismith na Bliana". Is ansin a thosaigh sé ag imirt do na Chicago Bulls. D'imir sé chun tosaigh sa chluiche cispheile don chuid is mó mar go bhfuil sé iontach ard (198cm).
Sa bhliain 1993 d'éirigh sé as an gcispheil nuair a maraíodh a athair agus thosaigh sé ag imirt daorchluiche.
Ach níor fhan sé ar shiúl ón gcispheil i bhfad agus thosaigh sé ag imirt do na Chicago Bulls arís ar an 18 Márta 1995. Sa bhliain 1996 shínigh sé conradh $30 milliúin leo. D'imir sé a chluiche dheireanach sa bhliain 2003.
Ar scor, d'éirigh MJ ina fhear gnó. Is fiú b'fhéidir $1,700 milliún a mhaoin phearsanta in 2023. Agus é 60 bliain d’aois, thug sé $10 milliún don charthanacht Make a Wish. Is í seo an tsuim airgid is mó a fuair an charthanacht ó dhuine amháin riamh. Le linn na paindéime COVID, thug MJ dhá mhilliún dollar do charthanacht eile, Feeding America.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Michael Jordan, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.