Loch mór, domhain, fionnuisce sna Garbhchríocha de chuid na hAlban is ea Loch Nis (Béarla: Loch Ness), a leathnaíonn thart ar 37 km (23 míle) siar ó dheas ó Inbhir Nis.
Cineál | Loch | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Canáil Chaladónach | |||
Suíomh | ||||
Tír abhantraí | Albain | |||
Limistéar riaracháin | Comhairle na Gàidhealtachd, Scotland agus Both Fhleisginn agus Obar Thairbh, Scotland | |||
| ||||
Sliabhraon | Na Garbhchríocha | |||
Craobh-abhainn | River Oich (en) ,River Tarff (en) ,Caledonian Canal, section between Loch Oich and Loch Ness (en) ,River Farigaig (en) ,River Foyers (en) ,River Moriston (en) ,Allt Doe (en) ,Allt Saigh (en) ,Allt Luaidhe (en) ,Allt Loch na Sgorthaich (en) | |||
Eisilteach | Bona Narrows (en) | |||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | 16 m | |||
Doimhneacht ingearach | 272 m | |||
Toisí | 1.5 () × 39 () km | |||
Achar | 56.4 km² | |||
Abhantrach | 1,775 km² | |||
Bearta agus táscairí | ||||
Toirt | 7,450 hm³ | |||
Seasann a dhromchla 16 méadar os cionn leibhéal na farraige.
Tá sé nasctha, ar an taobh ó dheas, leis an Abhainn Omhaich, agus le gearradh den Chanáil Chaladónach. Ar an taobh ó thuaidh tá Caol a' Bhànath (Béarla: Bona Narrows), a osclaíonn amach i Loch Dabhach a' Phùir, agus a bheathaíonn Abhainn Nis agus cuid eile den chanáil go dtí Inbhir Nis.
Is ceann é de na sraitheanna dobharlach ruaimneach modartha, in Albain; bíonn infheictheacht a chuid uisce go heisceachtúil íseal, mar gheall ar mhéid na móna san ithir máguaird.
Tá cáil idirnáisiúnta ar an loch mar gheall ar a "ollphéist" “Niseag”. Ar an 2 Bealtaine 1931, tuairiscíodh an chéad dearcadh d'Ollphéist Loch Nis i nuachtán Albanach. Is cosúil go raibh gimic mhargaíochta ann, chun tionscal na turasóireachta a spreagadh.
De réir na miotaseolaithe, leis na céadta bliain, chreid daoine áirithe go raibh rud mór mistéireach i bhfolach in uisce Loch Nis. "An ollphéist nó amaidí é? An bhfuil ainmhí cosúil le dineasár sa loch?"
De réir scéal eile, chuir Naomh Colm Cille Nessie faoi dhraíocht agus "théaltaigh an ollphéist ar ais faoin uisce gan a haghaidh a thaispeáint os cionn uisce arís nuair a bhí daoine ann".
Is síol faoi thíreolaíocht na hAlban é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Loch Nis, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.