Is éard is angstram ann ná aonad faid a úsáidtear sa chriostalghrafaíocht agus i mbrainsí bainteacha fisice (Sualainnis: Ångström).
Is í an tsiombail Å a sheasann dó, agus is ionann 1 Å agus 10-10 m - is féidir a rá freisin gurb ionann aon nanaiméadar (nm) amháin agus deich n-angstram. Ní cuid de chóras idirnáisiúnta na n-aonad (SI) é an t-angstram. Fuair an t-aonad a ainm ón bhfisiceoir Sualannach Anders Ångström. Scríobhtar an tsiombail Å i gcónaí leis an comhartha idirdhealaitheach, mar atá an litir san aibítir Shualainnise. Is minic a scríobhtar ainm an aonaid i nGaeilge agus i mBéarla gan na comharthaí diaicritice, ach tá siad ann sna sainmhínithe oifigiúla.
Cineál | aonad faid agus aonad díorthaithe UCUM |
---|---|
Aonad de | fad |
Carachtar Unicode | Å |
Eapainm | Anders Jonas Ångström |
Tiontuithe aonad | |
In aonaid SI | 0 m |
In aonaid caighdeánacha | 1,000,000,000 nå |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin bhfisic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ångström, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.