Is é Volodymyr Oleksandrovych Zelenskyy (Ucráinis): Володимир Олександрович Зеленський, fuaimnithe mar ; a rugadh ar 25 Eanáir 1978) 6ú huachtarán na hÚcráine agus in oifig faoi láthair.
Polaiteoir atá ann a chaith tamall ina aisteoir agus fuirseoir freisin.
Fuair Zelenskyy céim sa dlí ó Ollscoil Náisiúnta na hEacnamaíochta Kyiv. Cuireadh fáilte mhór ina dhiaidh sin roimh a ról mar Uachtarán na hÚcráine ar Searbhónta an Phobail, clár teilifíse. Nuair a sheas sé don uachtaránacht féin, fuair sé breis is 70% de na vótaí.
Ó mhí na Samhna 2021 ar aghaidh, bhí an teannas ag ardú idir an Rúis agus an Úcráin, agus go leor fórsaí de chuid na Rúise ag bailiú ag an teorainn. Nuair a thosaigh ionradh na Rúise ar an Úcráin i mí Feabhra 2022, bhí iontas sa phreas san Iarthar gur thug Zelenskyy óráidí inar sheas sé an fód.
Léirigh na Páipéir Pandora i mí Dheireadh Fómhair 2021 go raibh líonra de chuideachtaí amach ón gcósta sna hOileáin Bhriotanacha na Maighdean, sa Chipir agus san Bheilís ag Zelenskyy agus a phríomhchúntóir agus ceann Sheirbhís Slándála na hÚcráine Ivan Bakanov. I measc na gcuideachtaí seo bhí cuid acu a raibh maoin chostasach acu i Londain. Timpeall an ama a toghadh é in 2019, thug Zelenskyy a chuid scaireanna i gcuideachta thábhachtach amach ón gcósta ar láimh do Sergei Shefir, ach is cosúil go ndearna an bheirt fhear socrú go leanfadh teaghlach Zelenskyy ag fáil an airgid ó na cuideachtaí seo.
Bhí feachtas toghcháin Zelenskyy dírithe ar ghealltanais chun rialtas na hÚcráine a ghlanadh suas.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Volodymyr Zelenskyy, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.