Lámhleabhar stíle atá sa leathanach seo a cuireann síos ar an gcaoi mar a luaitear foinsí tacaíochta sna hailt.
Feach ar na leathanaigh pholasaí Vicipéid:Gan taighde bunúil a thabhairt isteach agus Vicipéid:Infhíoraitheacht le tuilleadh eolais ar an bhfáth atá sé tabhachtach foinsí a lua, agus ar an saghas fhoinse a mheastar bheith inúsáidte. Is féidir leat úsáid a bhaint as Vicipéid:Foinsí iontaofa chomh maith.
I mbeagán focal, is iomaí feidhm atá le baint as foinsí iontaofa a lua:
Mar gheall ar na cúiseanna seo thuas, má scríobhann tú giota nua eolais in alt ar bith, caithfidh tú foinse a lua don giota eolais sin. Tá an coinníoll seo rí-thabhachtach don comhphobal agus do na leitheoirí. Muna bhfuil an fhios agat conas an lua a fhormáidiú, réiteoidh daoine eile é thar do cheann. Ní gá duit ach aon ghiota faisnéise s'agatsa a thabhairt maidir leis an bhfoinse.
Go ginéarálta, ba chóir duit cuardach a dhéanamh tú féin chun tagairtí údarásacha inluaite a fháil, fiú má tá tú ag scríobh as do chuimhne. Má tá tú ag baint úsáid as d'eolais féin, ba cheart go mbeadh a dhotháin eolais agat chun tagairtí maithe a fhiosrú don léitheoir atá ag lorg ar eolas breise - ní bheidh tú ann go deo chun na ceisteanna a fhreagairt. Is é an pointe lárnach ná cabhair a thabhairt don léitheoir agus do chuiditheoirí eile.
Tá sé fíorthabhachtach foinsí a lua nuair a bhaineann an t-alt le tuairimí a mheastar ag daoine éagsúla ar ábhar éigin. Ná bain úsáid as abairtí slítheánta ar nós "Deirear ag roinnt daoine go bhfuil…" Cuardaigh ar dhuine nó grúpa áirithe atá leis na tuairimí sin aige, tabhair a ainm, agus tabhair lua ina léirítear an tuairim sin.
Cuir i gcuimhne nach áit é an Vicipéid chun do thuairimí a nochtú nó chun taighde bunúil a fhoilsiú.
Ba cheart sonraí chonspóideacha a chuir ar leathanach phlé an ait, dá mba rud é go bhfanfadh na sonraí sin san alt dá bhfíorófaí iad. Tugann sé seo an seans d'úsáideoirí eile foinsí a aimsiú don t-eolas - sa cás sin, ba féidir an t-eolas a chur ar ais san alt é fein.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Vicipéid:Luaigh do chuid foinsí, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.