Tíortha atá i mbéal forbartha is iad na tíortha beagfhorbartha nó fiú na tíortha neamhfhorbartha (nó an tríú domhan, nó tíortha an tríú domhan, nó Less Developed Countries i mBéarla).
An chuid is mó de thíortha an domhain, is tíortha beagfhorbartha iad.
Tá a lán fadhbanna le sárú ag na tíortha beagfhorbartha. Tá bochtanas mar thréith iontu chomh maith le cothú, sláinte is litearthacht ar chaighdeáin ísle, agus tionscal, iompar is cumarsáid neamhfhorbartha.
Is tíortha ilghnéitheach iad, agus tá riachtanais éagsúla acuː
Tráchtearraí. Tá tíortha ina measc a tháirgeann ola, nó tráchtearraí eile, a bhfuil meánioncam ard acu uaireanta, ach b'fhéidir, gan tionscaIl agus tráchtáil, ag easpórtáil earraí talmhaíochta is mianraí. Tráchtearra is mó a onnmhairíonn siad. Mar shampla, an Araib Shádach.
Geilleagar idirlinne. Tá tíortha ina bhfuil an earnáil thionsclaíoch ag fás is ag forbairt go tapa, ag teacht chun leibhéal na dtíortha forbartha nó á sárú. Mar shampla, Vítneam.
Bochtanas. Tá na tíortha is maille san Afraic fíorbhocht fós, agus uaireanta buaileann gorta iad, ainriail pholaitiúil, is cogaíocht mharfach. Mar shampla, an Afganastáin.
Méadú san fhiachas náisiúnta. Uaireanta tá fiacha ag cur laincisí ar thíortha an tríú domhan. Mar shampla, An Airgintín.
Beart a d’fhéadfadh rialtais na dtíortha beagfhorbartha a dhéanamh chun fadhbanna a réiteachː
Cobhsaíocht pholaitíochta
Leasú struchtúrach
Infheistíocht a mhealladh
Oideachas.
Gníomhaireacht chabhrach
Is é an Ciste Eorpach Forbraíochta (CEF) príomhionstraim an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le cúnamh forbraíochta a chur ar fáil do na tíortha san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) agus do thíortha agus do chríocha thar lear faoi Chomhaontú Cotonou. Tugtar tús áite do na tíortha is mó gátar, go háirithe na tíortha beagfhorbartha, tíortha ísealioncaim agus tíortha a bhfuil géarchéim iontu, tíortha iar-ghéarchéime, cásanna leochaileacha agus soghonta sa phróiseas leithdháilte acmhainní.
An Banc Eorpach Infheistíochta
Tagairtí
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Tíortha beagfhorbartha, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses. ®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.