D'fhionn sé an fónagraf (1877), an glacadóir don teileagraf, córas chun 4 theachtaireacht a tharchur go comhuaineach, tarchuradóir carbóin teileafóin, an chéad lampagealbhruthach (1879), agus córas iomlán dáilte leictreachais.
D'fhorbair sé an chéad fhearas lárnach chun cumhacht leictreach a ghiniúint is a tharchur go forleathan. D'fhorbair sé batairí, agus fiú an chéad iarnród leictreach (Hoboken NJ, 1930).
Bhí níos mó ná 1,300 paitinn ag Edison.
Aireagáin
An fónagraf. Edison a thaispeáin an gléas seo i 1877 mar ionstraim deachtaithe don oifig, ach tháinig sé chun foirfeachta mar chóras siamsa baile sa leathchéad bliain ina dhiaidh sin.
An micreafón. Shaothraigh Bell is Edison na céad chinn le haghaidh teileafónaíochta
Teirmianaic. Thomas Edison a d'fhionn an iarmhairt seo i 1883.
D'úsáid Edison stiallacha leanúnacha scannáin fhótagrafaigh ina cheamara Kinetoscope i 1891 , ach ba iad na deartháireacha Lumiere, a theilg íomhánna ar scáileán os comhair lucht mór féachana i 1895, a bhunaigh an tionscal taifeadta scannán is a léirithe i bpictiúrlanna. Ag tosú le cineiteagraf Dickson ó chomhlacht Thomas Edison i 1891 , bunaíodh an scannán 35 mm, pollta ar a fhad chun gurbh fhéidir é a ghluaiseacht ar aghaidh le cromán, oibrithe de láimh ag an gceamaradóir féin,
Oidhreacht
Bhí tionchar mór ag Edison ar an eolaíocht i rith an 19ú agus 20ú haois.
Leag Alexander Graham Bell síos bunús an teileafóin le glacadóir ionduchtaithe a cheap sé féin chun an fhuaim a chruthú, ceangailte le sreang le tarchuradóir carbóin de chuid Thomas Edison.
Thosaigh Arthur Edwin Kennelly ag obair le Thomas Edison sna Stáit Aontaithe i 1887.
Ó 1891, thosaigh Henry Ford ag obair do chomhlacht Edison i nDetroit.
Tagairtí
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Thomas Edison, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses. ®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.