Is traidisiún fealsúnach agus spioradálta de bhunadh na Síne é an Taochas, nó an Daochas, a chuireann béim ar mhaireachtáil ar aon dul leis an Tao (Sínis: 道; Pinyin: Dào; lit.
‘Bealach’, nó Dao). San Taochas, is é an Tao foinse, patrún agus substaint gach rud a bhíonn ann. Múineann an Taochas faoi na disciplíní éagsúla chun "foirfeacht" a bhaint amach trí bheith ar aonintinn le rithimí neamhphleanáilte na n-uile, ar a dtugtar "an bealach" nó "Tao". Athraíonn eitic an Taochais ag brath ar an scoil ar leith, ach go ginearálta bíonn claonadh acu chun béim a chur ar wu wei (gníomh gan rún), "nádúrthacht", simplíocht, spontáineacht agus na Trí Sheod :慈, "comhbhá",儉, "tíosacht" agus不敢爲天下先, "umhlaíocht".
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Taochas, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.