Séamus Barra Ó Súilleabháin: File Gaeilge

Is file, fear haiku agus rapálaí Ciarraíoch é Séamus Barra Ó Súilleabháin a chasann amhráin hip hap faoin ainm Súil Amháin.

Aithnítear é ar dhuine de mhórfhilí na glúine nua filíochta i saol na Gaeilge.

Infotaula de personaSéamus Barra Ó Súilleabháin
Séamus Barra Ó Súilleabháin: Beatha, Saothar, Aitheantas
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

IMDB: nm12152159 Youtube: UCQSMOy3Y5wnqYAfl7Pz1BNQ TikTok: suilamhain Bandcamp: seamusbarra Souncloud: suil-amhain Spotify: 3FJERthjpqa5FXDsiO7wuY iTunes: 1554180802 Deezer: 123866992 Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha

Is i Londain a rugadh Séamus ach tógadh i Lios Tuathail é. D'fhreastail sé ar an scoil i gCnoc na gCaiseal ar feadh bliana agus an teaghlach siar is aniar idir an dá thír.

Nuair a bhog sé ar ais go tuaisceart Chiarraí, bhí blas Sasanach ar a chuid Béarla. “Bhí tuiscint eile agam ar mo thimpeallacht seachas mar a bhí ag na leanaí eile sa scoil,” ar sé. “Bhíos ag déanamh anailíse ar gach aon ní mórthimpeall orm.”

Bhuaigh Séamus an All-Ireland Poetry Slam sa bhliain 2011. Is ó Uíbh Ráthach a mhuintir, agus tá nasc láidir aige féin le ceantar Chorca Dhuibhne. File "iarGhaeltachta" a thugann sé air féin. "Is rogha idé-eolaíoch é IarGhaeltacht a thabhairt ar an nGalltacht" a deir sé in alt ar Comhar. Déantar cur síos air mar rachtfhile, slamfhile, nó dubfhile uaireanta.

Cé go bhfuil caint uirbeach agus caint an idirlín le sonrú go mór ar a chuid dánta, is Gaelainn na Mumhan a chleachtann sé, go háirithe sna dánta is déanaí dá chuid. Tá tréimhsí caite aige ina chónaí i gCorca Dhuibhne agus d'oibrigh in Ionad an Bhlascaoid agus ar an mBlascaod Mór mar threoraí.

Fuair sé scoláireacht Fulbright le dul go hOllscoil Idaho State agus céimí de chuid Roinn na Gaeilge OÉG é. Rinne sé taighde dochtúireachta ar scríbhneoireacht Mhaidhc File, mac Pheig Sayers.

Saothar

Filíocht

Sa bhliain 2016 d'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht cnuasach filíochta leis, Beatha Dhónaill Dhuibh. I mblurba an leabhair deirtear; "Sa leabhar seo, an chéad chnuasach filíochta uaidh, scaoileann Séamus Barra Ó Súilleabháin a racht. Trí phearsa Dhónaill Dhuibh, más é sár-, príomh- nó frith-laoch an tsaothair seo é, tugann an file aghaidh ar chuid de cheisteanna móra agus beaga na freacnairce mar a gcíorann sé an sean agus an nua, an óige agus an dul in aois, an beo agus an marbh. Léigh leat, nó fút, nó tharat, de réir mar is toil leat féin."

Dar le RTÉ, fiosraíonn an cnuasach sin na ceisteanna móra agus beaga, an saol nua agus an seansaol, an beo agus an marbh. Dar le Robert McMillen 'Cibé modh reacaireachta a roghnaíonn Séamus, bíonn sé corraitheach, fuinniúil.'

Ceol

  • D'eisigh sé Muca – traic hip hop le Craos (Séamus Barra Ó Súilleabháin agus Rob Mulhern).
  • An Fhuil - Aeons ar a raibh Séamus Barra Ó Súilleabháin le clos.
  • “Go Beo go Deo na nDeor” Amhrán a bhí ar ghearrliosta na Féile PanCheiltí sa bhliain 2015 — Enda Reilly agus Séamus Barra Ó Súilleabháin a chum.
  • Chuir Charlie O'Brien agus Séamus Barra Ó Súilleabháin fuaimrian amach do 'Macalla Chill Áirne' le Trouble or Fortune Records.
  • Sa bhliain 2021 thug Súil Amháin tacaíocht do Kneecap ar a gcamchuairt Occupied 6 Tour.
  • Ghlac sé páirt san fhíseán ilmheáin ealaíonta Ériu le Body&Soul, Alltar a bhí ar an mír ar a raibh sé.

EP

D'eisigh Séamus Barr EP sa bhliain 2019 ar a bhfuil sé chinn de dhánta agus d'amhráin nuachumtha. Tá na rianta le clos ar an suíomh Bandcamp.com. Is é Séamus Barra a scríobh na rianta agus ba é Eóghan Harris a léirigh. Rinne sé cónaitheacht san ionad ealaíon Cill Rialaigh.

Físdánta

I Sráid Éigse, a taifeadadh mar chuid den fhéile Other Voices, feictear cur i láthair nua-aimseartha chomh maith le meadarachtaí dúchasacha, go háirithe mórdbhard Lios Tuathail Uilliam Ó Leannáin. Maítear faoin bhfíseán gur comhfhreagras é 'Sráid-Éigse' idir filí ré na teicneolaíochta faisnéise agus seandáimh na lámhscríbhinní san 18ú haois. Déantar beart véarsaí agus leabhar luachmhar a aistriú trí chúlsráideanna Leasa Tuathail gan fhios don saol.

Fuair an físdán Raithneach ainmniúchán d'amhrán na bliana agus d'fhíseán na bliana ag Gradaim Cheoil Nós sa bhliain 2019. Seán T. Ó Meallaigh a thaifead agus a chuir in eagar. Rinneadh an físdán seo le REIC i gcomhar le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann, Foras na Gaeilge agus Bliain na Gaeilge.

Imeachtaí agus Foilseacháin

Bíonn saothair Shéamuis le feiceáil agus le clos in áiteanna éagsúla go leor: Southword, BBC RADIO 4 ar an gclár NO EGOS NO DIVAS, Glórtha ón Imeall ar TG4, Dublin Writers Festival, an Fhéile Bheag Filíochta, REIC @ Takin' the Mic, bhí sé ina mholtóir ag Slam Filíochta fhéile Liú Lúnasa, Fíon na Fíliochta (The Wine of Poetry), The Five Lamps Arts Festival, An Cabaret Craiceáilte, Imram, an Phicnic Leictreach, Féile na Bealtaine, ag ócaidí filíochta in Bothan Dhùn Èideann in Albain, ag The English Bookshop in Uppsala agus ag an Tóstal.

Foilsíodh filíocht dá chuid ar Comhar, The Willow’s Whisper: A Transatlantic Compilation of Poetry from Ireland and Native America agus ailt ar meoneile.ie agus áiteanna eile.

Ghlac sé páirt in Leprosarium/An Lobharlann, filíocht thaibhléirithe beirte.

Súil Amháin (2020)

Sa bhliain 2020 tháinig togra eile dá chuid chun cinn, inar meascadh ceol hip-hop agus liricí Shéamuis Barra.

I gcorplár na dianghlasála sa bhliain 2020 is ea d'fhiafraigh Áine Ní Chíobháin de Súil Amháin ar mhaith leis siollaí a chur ar rian úrnua leis an léiritheoir aitheanta Bantum i gcóir an taispeántais 'Cogar' a bhí á reáchtáil don fhéile Other Voices. An chéad rian ná 'Viva Liobarnach' (atá cosúil leis an nath Spáinnise ¡Viva la libertad!), agus tá idir fhaisnéis agus áiféis sa léargas dírbheathaisnéiseach ann ar chúrsa laethúil an rapálaí liobarnaigh seo as bundún na Ríochta. Tá trí cinn de rianta eile a tháinig ó Súil Amháin agus Bantum.

Viva Liobarnach - Súil Amháin (léirithe ag Bantum), Ceol: Bantum, Focail: Súil Amháin, Taifead glóir: Tejo

Lá Breá - Súil Amháin, Bantum a léirigh. Thug Ealaín na Gaeltachta tacaíocht. Áine Ní Chíobháin a stiúraigh, Ferg Flannery a mhaisigh, Garsún Eo a thaifead an glór agus Rút Ní Mhurchú a shiúil an trá.

Incantation of Féile​-​Flow Funk, Liricí le Súil Amháin, Bantum a léirigh.

Sa bhliain 2021 rinne sé gig ar líne mar chuid de Liú Lúnasa. Cuireadh 'Oíche Mhaith' amach faoi mháthair Shéamuis, is é a dúirt sé faoin amhrán ná Cheapas na véarsaí seo do Mham. Seo ceann fé lasadh na tine.

Chuir sé amach Aisling Fhéile sa bhliain 2022.

Eisíodh an t-amhrán Súil Amháin X Tuath - sceartáin! i gcomhpháirt le Tuath i nDeireadh Fómhair na bliana 2022. Rob Mulhern (Tuath) a léirigh, Tadhg Kelly a mheasc agus a mháistrigh. Tá sliocht ón amhrán traidisiúnta Cad É Sin Don Té Sin? ann agus sainmhíniú ar sceartán ón bhFoclóir Beag. Tá eilimintí macarónacha i gceist san amhrán. Nuair a deirtear níos measa ná an Reilleach! ann is é atá i gceist leis an Reilleach ná Walter Raleigh. Deir na seandaoine i gCorca Dhuibhne 'chút an Reilleach' chun leanaí a smachtú nuair ná téidís a chodladh. Ba é Walter Raleigh 'An Reilleach' an 'boogieman' acu go dtí le déanaí. Bhí lámh ag Walter Raleigh i sléacht, ár agus léirscrios an Choilíneachais san 16ú haois déag agus maireann cuimhne bheo air sin i gCorca Dhuibhne.

Eisíodh an t-amhrán An Murda Meais​í​n sa bhliain 2023. Rob Mulhern (Tuath) a chruthaigh agus a léirigh. Meascadh breise: Niall Doran. Ealaín: AMELIA. Bailíodh airgead a rinneadh as Murder Machine ar mhaithe le scoil Dhún Chaoin agus iad ag bailiú airgid i gcóir seomra ranga nua. Tagraíodh don fheachtas a bhí ann san 70dí chun an scoil a choinneáil ar oscailt agus an agóid a tionóladh i mBÁC leis an sluaghairm: 'NÍ DHÚNFAR SCOIL DHÚN CHAOIN!' Bronnadh Amhrán na Bliana ar an amhrán ag Gradaim Cheoil NÓS 2024.

Gearrscannán

Rinne Charlie O´Brien gearrscannán darbh ainm "Macalla Chill Áirne" sa bhliain 2022 ina bhfuil Séamus Barra Ó Súilleabháin ina phríomhaisteoir ann. Tá Seán Ó Gairbhí (an t-amhránaí sean-nóis) ina aisteoir ann chomh maith. Athchruthú ar thuras báid trí lochanna Chill Áirne roimh aimsir an ghorta mhóir atá i gceist le “Macalla.” D'úsáidtí bugle chun macalla a scaoileadh amach ón sliabh ag deireadh an turais go Nead an Iolair i gCill Áirne fadó. Bhí Macalla Chill Áirne le feiscint ag féile scannán Chiarraí, ag an Chicago Irish Film Fest agus a lán eile nach iad.

Aitheantas

Aithnítear é ar dhuine de mhórfhilí na glúine nua filíochta i saol na Gaeilge. Glacann sé páirt rialta in imeachtaí agus léirithe filíochta amhail REIC a bhíonn ar siúl in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann. D'aithris sé dán dá chuid d’Uachtarán na hÉireann ag comóradh 20 bliain TG4 ag ócáid speisialta i nGaillimh sa bhliain 2017. Bhain sé amach Craobh Slamfhilíochta na hÉireann sa bhliain 2011/2012 agus Cúirt 2013.

Is é a dúirt an file David Wheatley faoi ː "Is annamh a aimsíonn tú file nua chomh suntasach le Séamus Barra Ó Súilleabháin. ‘Shaman’ atá ann, gan dabht."

Ionsparáid

Aithníonn Súil Amháin an lámh a bhí ag Rónán Mac Aodha Bhuí ina spreagadh an chéad lá: "Rónán a chuir Mícrafón im láimh don gcéad uair riamh, agus a spreagaigh mé chun mo bhéal a leathadh os comhair slua daoine. Is tréna chroí mór, a fhís don bpobal agus paisean chun ceoil atáim tar éis aithne a chur ar fhurmhór desna cairde is mó atá sa tsaol agam anois. D'athraigh Rónán cúrsa mo shaoil an lá san i mBeár an Choláiste." Thiomnaigh sé dán dó freisin.

Tá Gearóid Mac Lochlainn le brath mar thionchar ar shaothar Uí Shúilleabháin, go háirithe in úsáid an alter ego.

Tá ráite ag an ngrúpa Kneecap go raibh tionchar ag saothar Uí Shúilleabháin orthu, go deimhin déantar tagairt dó sa chéad amhrán acu. Is féidir gnéithe áirithe a aithint i saothair Shéamuis Barra féin a fuair spreagadh ó Kneecap ina dhiaidh sin, an bhéim mhór ar amhráin seachas ar fhilíocht nuair a tháinig ann do Shúil Amháin, ar cheann acu.

Foilseacháin

  • Beatha Dhónaill Dhuibh cnuasach filíochta, 2016 (Cló Iar-Chonnacht)
  • Ón mBarr Aníos, EP, taifeadtaí ar dhornan dánta 2019, An bhFacaís Mo Ghuthán?, Toghcháin, Raithneach, Sin Cultúr, Teamín Óg, Searc Ólta
  • Leprosarium/An Lobharlann - leabhairín mangaire?
  • Loitríocht - leabhairín mangaire
  • D'aistrigh Niall O'Gallagher scata dánta leis go Gaeilge na hAlban san iris liteartha STEALL
  • Bhí dornán dánta dá chuid sa chnuasach a chuir Marcus Mac Conghail in eagar sa bhliain 2014 Línte Leictreacha, cnuasach a bhailigh dánta ó fhilí an Phubaill Ghaeilge ag an bPicnic Leictreach le chéile.
  • 2011 - sa bhailiúchán: The Willow's Whisper: A Transatlantic Compilation of Poetry from Ireland and Native America Hardcover eagarthóir: Jill M. O'Mahony & Mícheál Ó hAodha (Cambridge Scholars Publishing)
  • 2015 - sa bhailiúchán: Poetry Ireland Review 115 (Éigse Éireann/Impress Books)

Tagairtí

Féach freisin

Naisc sheachtracha

Tags:

Séamus Barra Ó Súilleabháin BeathaSéamus Barra Ó Súilleabháin SaotharSéamus Barra Ó Súilleabháin AitheantasSéamus Barra Ó Súilleabháin IonsparáidSéamus Barra Ó Súilleabháin FoilseacháinSéamus Barra Ó Súilleabháin TagairtíSéamus Barra Ó Súilleabháin Féach freisinSéamus Barra Ó Súilleabháin Naisc sheachtrachaSéamus Barra Ó SúilleabháinCiarraíochFileHip hapRapálaí

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

An PhalaistínSéamas II agus VIIGaeilgeGarda SíochánaIMLÉAn ChéadaoinColáiste LurganBrandenburgReachtAn BéarlaBlagDara Comhairle VatacánachAn LiobáinIarnród Éadrom IarúsailéimStílbhileoga cascáideachaEolaíocht shóisialtaOró Sé do Bheatha 'BhaileTeangaPunt steirlingHoratio NelsonCríostóir Ó FloinnAn tSualainnMúlúAm samhraidhAn FhionlainnÉamon de ValeraVirgin Media TwoRóisín Seoigheaistriúchán877Poblacht Dhaonlathach an ChongóBacillus anthracisTurasóireachtCúirt Uachtarach na Stát AontaitheAn EoraipMatamaiticCómhaoin WikimediaAontas na nÉimíríochtaí ArabachaRéalteolaíochtDiobúitíÁine na Breataine MóireFuaim steiréafónachSimpeansaíInnealtóireachtNÁbhair ghuaiseachaBruitíneachAn IaráinPlucamasÁbhar saor1802Pádraig Mac PiaraisCeimicGoogleAn BhulgáirAn tSúdáinDara Cogadh DomhandaIarúsailéimionghamasLeabharuimhir Chaighdeánach IdirnáisiúntaAn ÉigiptArdrí na hÉireannEoin SoiscéalaíSeanad Stáit Aontaithe MheiriceáBainneFrank HerbertVicíAn BhriotáinisCríochdheighilt na hÉireannSéarlas Saonta🡆 More