Seisear Birmingham

Ciontaíodh seisear, ar a dtugtar 'Seisear Birmingham' (Birmingham Six), san éagóir mar gheall mar gheall ar na buamálacha a tharla i mBirmingham ar 21 Samhain 1974, ionsaithe inar maraíodh duine is fiche agus inar gortaíodh os cionn 220 duine eile, ceann de na hainghníomhartha ba mharfaí le linn na dTrioblóidí.

Seisear Birmingham
Cuimhneachán, Buamáil Birmingham (1974)
Seisear Birmingham
Shire Hall, Lancaster Castle

Cuireadh na ciontuithe ar neamhní ar 14 Márta 1991 agus bronnadh cúiteamh idir £840,000 go £1,200,000 an duine.

Imeachtaí

Seisear Birmingham 
Paddy Hill sa bhliain 2015

Ar an 21 Samhain 1974, phléasc buamaí in dhá theach tábhairne i mBirmingham. Maraíodh 21 agus gortaíodh 220 duine eile san ionsaí sceimhlitheoireachta. Chinn coiste cróinéara níos déanaí gur foláireamh teileafóin a ndearnadh praiseach de ba chúis leis an moill a bhí ar na póilíní daoine a thabhairt amach as na tithe tábhairne. Ach chinn giúiré an choiste cróinéara freisin nach raibh aon locht ar na póilíní agus nach raibh aon eolas faighte acu faoi na buamaí roimh ré.

Cuireadh an milleán ar an IRA faoin mbuamáil go díreach (ach níor ghlac éinne freagracht as an ionsaí ar feadh na mblianta) agus tharla ionsaithe díoltais ar phobal mór Éireannach na cathrach dá bharr. Bhain na péas úsáid as an tAcht Coiscthe Sceimhlitheoireachta (nó PTA, Prevention of Terrorism Act) chun daoine neamhchiontacha a chur i ngéibheann.

Chuir Michael Havers cás an ionchúisimh i láthair sa bhliain 1975 agus ciontaíodh san éagóir an Seiisear ar 15 Lúnasa 1975.

D’fhoilsigh an The Prisoners Aid Committee i Londain, ’Irish Voices from English Jails’ sa bhliain 1980,

Ach mhair Rialtas na Breataine bodhar ar achainí, nó “b’ionann é agus a rá go raibh siad iomlán mícheart sa rud a rinne siad go dtí sin.” ‘Appalling vista’ a bheadh ann, i bhfocail an Tiarna Denning faoi seisear Birmingham.

Bhí The Irish Post ag obair ar son an tSeisir le blianta fada, mar a bhí na sagairt Denis Faul agus Raymond Murray.

Foilsíodh an leabhar Error of Judgment - The Truth About the Birmingham Pub Bombings le Chris Mullin MP sa bhliain 1986. Ansin rinne an clár ITV World In Action clár faisnéise faoin chás.

Ní raibh aon trácht sna ghnáthnuachtáin Éireannacha ná ar RTÉ mar bhí Alt 31 den Acht Craolachán i bhfeidhm (go dtí 1994). Bhí faitíos ar na hiriseoirí ansin rud ar bith conspóideach a rá faoi Na Trioblóidí agus ba lú ná gíocs mioninchloiste astu aon tagairt go mb'fhéidir go dtarlódh gur neamhurchóideach iad na daoine seo.

Seisear Birmingham 
Paddy Hill sa bhliain 2015

Le cladhairí agus seoiníní mar seo sa Rialtas agus sna meáin chumarsáide, theip ar achomharc an tSeisir ...go dtí 1991. Sa bhliain 1988 fiú, ní raibh mórán dóchais ann don Seisear agus ní raibh fiú cead scríobh go díreach faoi chúrsaí sna príosúin.

Bhí deacrachtaí ag Chris Mullen MP léi nuair a bhí sé ag déanamh taighde ar Sheisear Birmingham. Smuigleáil sé téipthaifeadán isteach sa phríosún agus rinne sé na príosúnaigh a thaifeadadh. (Bhí raic faoi seo agus cásanna eile agus chuaigh riail 37 (Riail phríosúin ó 1964, uimhir 5, alt 37, a chuir an cosc i bhfeidhm) go dtí an Chúirt Achomhairc cúpla uair).

Achomharc

Ansin sa bhliain 1989, thit Balla Bheirlín agus bhí an chaint uilig faoi “Glasnost” in Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha agus Rialtas na Breataine ag cur comhairle ar fáil do rialtas na tíre sin faoin daonlathas agus cearta daonna.

Cuireadh na ciontuithe ar neamhní ar 14 Márta 1991 agus bronnadh cúiteamh idir £840,000 go £1,200,000 an duine.

Iarmhairtí

Tá eachtraí Birmingham sna téacsleabhair dlí i ngeall ar an iomrall ceartais a bhain le ciontú sheisear Birmingham san éagóir. Cuireadh "seisear Birmingham" sa phriosún ar feadh 16 bliana, agus d'éalaigh na daoine b'údar leis an mbuamáil óna n-ionchúiseamh.

Tharraing iompar na bpóilíní droch-cháil orthu féin agus mímhuinín i riar na córa gan blas maitheasa a dhéanamh do na híobartaigh.

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

Seisear Birmingham ImeachtaíSeisear Birmingham IarmhairtíSeisear Birmingham Féach freisinSeisear Birmingham TagairtíSeisear Birmingham197421 SamhainNa Trioblóidí

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Moe HowardStairBeanRómánsachas20151998 sa scannánToghcháin na Stát Aontaithe 20221979Leo TolstoyDara Cogadh Cathartha na LibiaNat King ColeLeasú pinsin sa Fhrainc 2023An Fhranc ThiarContae Uíbh FhailíReachtAn RómáinisCispheil in ÉirinnCóiméadPolaitíochtGood Girl Gone Bad20 NollaigScála RichterSéamus Ó BeaglaoichBitheolaíochtSeán GarveyTeangaTeilifísFisicMont-Saint-MichelLewis HamiltonJean-Claude Van DammeNana Mouskouri2001Eolaíocht nádúrthaGrindr, Saghdar, agus CherChuck FeeneyUachtar1 NollaigIarracht ar coup d'état san APSS i 1991Peiptídí codlaidíneachaTina TurnerDumboInnealtóireachtLeatromBogearraí saoraBarrchuarcTír EoghainLiam Payne26 IúilFrançois RabelaisAn BhanglaidéisMaifia13 MeitheamhClíodna CussenMichael CaineBurt BacharachHajjMillíní BuckySanta Ana, CaliforniaAriana GrandeCéislínVladimir NabokovIaltóg ghiobach AlcathoeMaigh RathAmerican Idol1972 sa scannán919Ealaín FheidhmeachDrugaí dearthóraStaidiam WembleyDeargadaoil i mBád fó ThoinnWerner HeisenbergRíocht na Fraince🡆 More