Lámhscríbhinn dhathmhaisithe Éireannach is dócha de chuid na 11ú haoise is ea Saltar Chaimín.
Caomhnaítear é sa leabharlann ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (MS.A.i).
Tá an-dochar déanta don saltar, agus níl ar marthain ach sé fhóilió le véarsaí 1-16 agus 33-116 as Salm 118 (Beati Immaculati), salm a bhfuil aige 176 véarsaí in iomlán. D'fhéadfadh é nach raibh ann ach an salm seo, le nótaí agus gluaiseanna, ach b'fhéidir a mhalairt agus go raibh Saltar iomlán ann.
Tá cló an phríomhthéacs curtha in aon cholún amháin i lár gach fóilió, scríofa i mionscript mór leath-unical. Is leagan iad na himill agus an-chuid gluaiseanna ann as Gaeilge agus as Laidin. maraon ach amháin an Southampton Psalter.
Ní fios ach fíorbheagán faoina bhunús agus luathstair an tsaltair. Fuair Naomh Caimín bás sa bhliain 654, ach meastar ón nGaeilge agus óna maisiúcháin sna gluaiseanna gur cuid den 11ú haois é. Luaitear é don chéad uair sa bhliain 1639 ag Ardeaspag James Ussher, agus é sa leabharlann an chlochair Phroinsiasaigh i nDún na nGall. Tógadh é go dtí Coláiste Naomh Isidore sa Róimh le linn Réabhlóid na Fraince, agus ar ais go hÉirinn sa bhliain 1872.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Saltair Chaimín, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.