Tugann rogha an ceart (nach oibleagáid é) ar shócmhainní airgeadais a cheannach nó a dhíol ar phraghas seasta taobh istigh de thréimhse shonraithe ama.
Conradh rogha
Ceart ar mhéid sonraithe de shócmhainn shonraithe a cheannach nó a dhíol ar phraghas seasta ar nó roimh dháta áirithe.
Geallaí rogha
An duine a dhíolann nó a thugann rogha mar mhalairt ar phréimh agus a bhfuil oibleagáid air gníomhú má fheidhmíonn sealbhóir na rogha a cheart faoin gconradh rogha.
Rogha as an airgead
Rogha nach bhfuil maith ar bith ann as féin.
Rogha ag an airgead
Rogha le praghas ceangail atá cothrom le margadhphraghas reatha na bunsócmhainne.
Srathair (straddle)
Rogha comhcheangail de dhíol agus ceannach leis an bpraghas feidhme agus an dáta éaga céanna.
Rogha Mheiriceánach
Rogha is féidir a fheidhmiú am ar bith roimh éag an chonartha.
Rogha Áiseach
Rogha ar phraghsanna airgeadra nó tráchtearraí a chúitíonn an difríocht idir praghas ceangail na rogha agus meánphraghas na bunrogha.
Rogha Eorpach
Rogha nach féidir a fheidhmiú ach ar a dháta éaga amháin.
Rogha intrádála
Conradh is féidir a dhíol ar aghaidh le daoine lasmuigh trí dhéantóirí margaidh ar phraghas a athraíonn de réir an choibhneasa atá idir bunphraghas an chonartha agus an ghluaiseacht i mbunphraghas na scaire thar an tréimhse.
Roghán
In ionad iad a dhíol ar an malartán, is amhlaidh a thairgeann institiúidí iad (cosúil le roghanna airgeadraí).
Rogha ar cheannach
An ceart ar líon scaireanna sócmhainní a cheannach, ar phraghas luaite, taobh istigh d'am sonraithe.
Rogha ar dhíol
Ceart ar líon sonraithe sócmhainní a dhíol ar phraghas luaite ag nó roimh am sonraithe.
Réamhrogha
Réamhchonradh malairte le dáta inathraithe in ionad dáta seasta aibíochta.
Rogha ar thodhchaíochtaí
Tugann rogha ar thodhchaíochtaí nó conradh rogha ar thodhchaíochtaí an ceart don cheannaitheoir conradh todhchaíochtaí sonraithe a dhíol nó a cheannach ar phraghas feidhmithe ar leith trí éag chonartha (ar phraghas sonraithe roimh dháta éaga sonraithe).
Caidhp-rogha
Rogha caidhp rátá úis (de ghnáth) a cheannach nó a dhíol agus é de cheart ag (ach gan oibleagáid a bheith ar) an sealbhóir caidhp a cheannach nó a dhíol le ráta ceangail aontaithe ar (más den stíl Eorpach é) nó roimh (stíl Mheiriceánach) dáta tugtha i gcoinne préimh shonraithe.
Rogha mheánráta
Rogha ar phraghsanna airgeadra nó tráchtearraí a chúitíonn an difríocht idir praghas ceangail na rogha agus meánphraghas na bunrogha.
Rogha ar cheannach sladmhargaidh
Bíonn céadrogha ag an léasaí an tsócmhainn a cheannach ar phraghas níos ísle ná a luach margaidh cóir nuair a éagann an léas.
Rogha ar airgeadra a dhíol
An ceart chun airgeadra áirithe a dhíol ar phraghas sonraithe laistigh de thréimhse ama sonraithe.
Nóta rogha ar airgead innéacsaithe
Eisiúint ag ráta seasta a iompraíonn cúpón atá cuid mhaith níos airde ná mar is gnáth.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Rogha (airgeadas), which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.