Ramayana

Dán eipiciúil is ea an Ramayana, nó scéal Rama agus Sita, scríofa i Sanscrait, idir an 7ú-3ú haois roimh Chríost.

WD Bosca Sonraí Saothar CeoilRamayana
Ramayana
Cuir in eagar ar Wikidata
Teideal bunaidhरामायण
Foirm cheoileipic náisiúnta
saothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainmAn tSanscrait
Seánramórdhán
Cuid deItihasa
Le cuidBalakanda, Ayodhya Kanda (en) Aistrigh, Aranyakanda (en) Aistrigh, Kishkindhakanda (en) Aistrigh, Sundara Kanda (en) Aistrigh, Lankakanda (en) Aistrigh agus Uttarakanda (en) Aistrigh
CarachtairRama (en) Aistrigh, Sita (en) Aistrigh, Lakshmana (en) Aistrigh, Ravana (en) Aistrigh, Hanuman (en) Aistrigh, Garuda (en) Aistrigh, Dasharatha (en) Aistrigh, Kaikeyi (en) Aistrigh agus Bharata (en) Aistrigh
Ramayana

Cuireann an scéal síos ar bhua na maithe ar an olc, agus an dóchas sa dorchadas, srl. Tá cosúlachtaí ann idir scéal Rama agus Sita agus scéal Mhuire agus Iósaf, nó an scéal faoi imeacht na nGiúdach ó Iarúsailéim, dídeanaithe iad go léir.

Deoraíocht

Ag tarraingt dó ar dheireadh a réimis roghnaigh Dasaratha, rí Ayodha, a mhac Rama le bheith mar oidhre air. Ba mhian lena bhean Kaikeyi go mbeadh Bharata, mac eile dá gcuid, mar oidhre ina áit. Bhí Kaikeyi den bharúil go dtiocfadh mí-ádh uirthi mura ndéanfaí rí de Bharata agus mura ndéanfaí Rama a dhíbirt chun na coille go ceann ceithre bliana déag.

D’aontaigh an rí go drogallach, mar sin chaith Rama ceithre bliana déag ar deoraíocht lena bhean álainn Sita agus lena dheartháir Laksmana. D’fhág siad a raibh acu de mhaoin shaolta agus chaith siad saol crua faoin choill.

Ramayana
Ramayana, Udaipur (1652)

Fuadach

Nuair a chuala Ravana, rí deich-gceannach na ndeamhan a bhí ina rí ar oileán darbh ainm Lanka, iomrá ar áilleacht Sita shocraigh sé go mbeadh sí aige féin. Chuaigh sé i riocht fir naofa agus chas sé uirthi sa choill. I ndiaidh dó intinn Rama agus Laksmana a bhaint di, sciob sé leis Sita go Lanka.

An fháinne

Ramayana
Yuddha Kanda (cath), Udaipur (1652)

Chaith Sita a cuid ama faoi bhrón i ndiaidh Rama i ngairdín Ravana ar Lanka. Ag an am céanna chuaigh Rama agus Laksmana le cuidiú a iarraidh ar Hanuman, rí na moncaithe, teacht uirthi. Thosaigh Hanuman ar chuardach Sita trí choiscéim mhór a ghlacadh anonn go Lanka. Tháinig sé ar Sita agus chuir sé in iúl di gur theachtaire ó Rama é trí fháinne Rama a thaispeáint di. Bhí lúcháir an tsaoil ar Sita; d’éalaigh Hanuman agus d’inis sé do Rama cá raibh sí.

Ramayana
Cath Lanka, Udaipur (1652)

Tarrtháil

Thóg Rama, Laksmana, Hanuman, agus a arm de mhoncaithe droichead trasna go Lanka le tarrtháil a thabhairt ar Sita. I ndiaidh dóibh cath fada a dhéanamh le sléanna, boghanna agus saigheada, mharaigh Rama rí deich-gceannach na ndeamhan Ravana.

Ramayana
Bás Kumbhakarna, Udaipur (1652)

Diva

Cionn is go raibh na ceithre bliana déag caite, d’fhill Rama agus Sita ar Ayodha agus rinneadh rí agus banríon díobh. Bhí an oiread sin áthais ar na daoine iad a fheiceáil ar ais gur chuir siad soilse beaga taobh amuigh de na tithe acu ionas go bhfeiceadh Rama agus Sita an bealach rompu. Tugadh diva ar na soilse seo agus sin an fáth ar tugadh ‘Diwali’ ar an fhéile.

Féach freisin

  • Diwali (féile Hiondúch na soilse)
  • Mahābhārata

Tagairtí

Tags:

Ramayana DeoraíochtRamayana FuadachRamayana An fháinneRamayana TarrtháilRamayana DivaRamayana Féach freisinRamayana TagairtíRamayanaAn tSanscrait

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

AgnóiseachasTeicneolaíochtAn tAntrascSliabhEoghan Ó GramhnaighBratachTaillinnÉirí Amach na CáscaTriasachArdchros Naomh MarcasRyan Reynolds12 BealtaineRon JohnsonParaíbaPompeiiCócaonNiaibiamTok PisinDumhach ThráAn BéarlaFoirmle cheimiceachGafaCarles PuigdemontDiane di PrimaSorcóir2024Tom HanksAn t-ádhMicrosoftCuileann tráMastódónCárta líonraRalphie MayÁithUniversity of Texas Southwestern Medical CenterDé-óid astaithe solaisAn VítneaimisJess WadeLimistéar Uirbeach DhoireNaitsíochasRamón J. SenderCluichí Oilimpeacha an Gheimhridh 2014Fuaim cheathairfhónachCúcamarLiosta Séadchomharthaí Náisiúnta (Gaillimh)HaváíAbraham LincolnAn tSeapáinisTorbánAontúS4CPhaeophyceaeAn Ghuine MheánchriosachGealbhan binneDamien DuffTriscéilTeilifíseánDannii MinogueStairÍosa CríostThomas EdisonPhoenix, ArizonaSerena WilliamsSan’aShakshoukaAn Mháirt MhórFoirgníochtGluaiseacht (úrscéal)1 NollaigSnáithín optúil1685Brabhsálaí GréasáinToilleadh teasaIntleacht shaorgaSeán FlemingPenn-ar-Bed🡆 More