Peadar Ó Gealacáin: Bailitheoir leabhar Éireannach

Eagarthóir, file, bailitheoir, caomhnóir agus múinteoir scoil scairte ab ea Peadar Ó Gealacáin (29 Meitheamh 1792 – Feabhra 1860).

Níl aon eolas beacht againn maidir le háit a bhreithe, diomáite de gurbh as mórcheantar Mhaigh nEalta thuaisceart na Mí é.

Infotaula de personaPeadar Ó Gealacáin
Beathaisnéis
Breith1793
Maigh nEalta Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1860
66/67 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmúdar Cuir in eagar ar Wikidata
Peadar Ó Gealacáin: Beatha, Saothar, Bás
múinteoir scoil scairte agus leanaí
Peadar Ó Gealacáin: Beatha, Saothar, Bás
Baile Mhic Cathnaoin (Maigh nEalta)

Beatha

Maidir lena ainm féin, is amhlaidh a d'úsáideadh sé foirmeacha éagsúla ar a lámhscríbhinní; Peadar Ua Gealacain, Peadar Ó Gealacáin, Peter Gilligan, Peter Galligan agus leaganacha eile nach iad. D'úsáid sé Peadar Ó Gealacáin lena ghinealach i Ls. K: ' Ag seo leabhar Pheadair, mhic Phádraig, mhic Lúcas, mhic Pádraig Uí Gealacáin, ó leathimeall an Chabháin, ag Sliabh gCleath, ó chogaidh Chromail go dtí an t-am seo agus cuid dá streibh ina gcónaí sa tír fós'.

Pádraig a bhí ar a athair agus ba í Margaret Williams a mháthair. Is i mBaile Mhic Cathnaoin sa dúiche chéanna a bhí Peadar ag cur faoi ar feadh a shaoil.

Phós sé ar bhean darbh ainm Sinéad Ní Thánaiste (nó Jane Tennyson) Tá fianaise éigean ann go raibh ar a laghad mac agus iníon acu. Is ríléir ar chaighdeán a chuid lámhscríbhneoireachta go raibh sé thar barr feabhais.

Chan é amháin go raibh léamh agus scríobh idir Ghaeilge agus Bhéarla aige, ach bhí sé léannta leis i gcultúr an dá theanga. Bhí sé eolach ar an Laidin, ar an Mhatamaitic, ar an Astrálaíocht, agus ar an Cheol.

Thosaigh sé ag múineadh scoile sa bhliain 1814 agus is dóigh gur chaith sé leis an gceird anuas go 1826. Saol anchorrach a bhí ann nach raibh aon bhuanseasmhacht ag baint leis. Bhíodh sé de shíor ag aistriú ó áit go hait agus gan aige in amanna ach seal coicísein aon cheantar amháin.

Saothar

Is idir 1822 agus 1854 a bhí obair an scríobhaí á déanamh aige. Tá iontu dánta, amhráin, laoithe fiannaíochta, beathaí na naomh, scéalta den uile chineál, aistriúcháin, mionphaidreacha, orthaí, tomhais agus ábhar ilchineálach, chomh maith le dánta a chum sé féin, a bhfuil go leor díobh i gcló ag Dawson. Le méid na hoibre a thomhas is leor a rá gur chaith sé dhá bhliain go leith, 1841 go 1844, ag scríobh ceann díobh a bhfuil 722 leathanach ann.

Bás

Fuair Peadar Ó Gealacáin bás agus é i ngreim ag an mbochtaineacht sa bhliain 1861. Is beag atá ar eolas againn sna blianta deiridh aige ach amháin gur chaith sé iad i Maigh nEalta. Fear a bhí ann a chaith a shaol ag caomhnú na litríochta traidisiún agus teanga a chuid daoine agus ba é a bhás clabhsúr thraidisiún fada scríbhneoireachta na lámhscríbhinní.

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

Peadar Ó Gealacáin BeathaPeadar Ó Gealacáin SaotharPeadar Ó Gealacáin BásPeadar Ó Gealacáin Féach freisinPeadar Ó Gealacáin TagairtíPeadar Ó Gealacáin1792186029 MeitheamhContae na MíMaigh nEaltaMí FeabhraScoil chois claí

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

PornhubBrazzaville1193SpiaireachtSiabostCoille ChartBig Brother (RA)Comhairle an Aontais EorpaighMontserrat CaballéGaiméitGeorges CuvierCágGaeilge MhanannDaghdhaLinne ChluaidhNetflixHomsBéarlaGaolAdam CarollaJohn Ford1740An tÍliadSan Mateo, CaliforniaStephen HawkingGaiscíochBaile SamhraidhAlltaisCuraíRialtasAn Spailpín FánachÓrTaighdeFionndanFíogadánCornphíopaJohn Howard (aisteoir Meiriceánach)SíoltaLitríocht na RúiseAn OllainnisÉasafagaíteas eoisinifileachLacha shrúmálaIsadora DuncanSummerstonTaj ConnemaraAn DanmhairgLinne FharairBaile Átha CliathDaisy BatesDail-bho-DheasMy Big Fat Geek WeddingBill GatesCultúrMatamaiticeoirComharchumannGeorge WashingtonFéileacánDrew Z. GreenbergCoregonus lavaretusChris MurphyAm samhraidhBram StokerContaetha na hÉireannBill Bailey69 (suíomh gnéis)An t-Sròn ReamharMáire I ShasanaClaudio MonteverdiLeictreafóibeFilíochtAn IodáilWilliams Grand Prix EngineeringComhlimistéar taistilIdéAn Fhaiche Mhór🡆 More