Paireacht Ghradaim

Is frása é paireacht ghradaim a úsáidtear sa bhfealsúnacht pholaitiúil, chun teoiric faoi 'choimhlint idir-phobail a shárú' a mhíniú.

Áitíonn tionscnóirí na teoirice go n-ofrálann an téarma "paireacht ghradaim" teanga dúinn le haghaidh caibidlíochta, i gcomhthéac na cothromaíochta iarchoinbhleachta. Tosaíonn an idirbheartaíocht leis na pobail ag aithint go bhfuil leamhsháinn acu.

Seachas leanúint ar aghaidh ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar a chéile, ba chóir dos na pobail iarracht a dhéanamh dul i mbun caibidlíochta, i gcomhair cómhaireachtála síochánta i spás fisiciúil roinnte, in ainneoin a gcuid difríochtaí cultúrtha.

Is féidir cur síos ar "phaireacht ghradaim" mar teoiric iar-Eagnaíochta, toisc go bhfuil sé difriúil go suntasach ó réasúnachas liobrálach nó Marxach agus tá sé contrártha do smaointe na féinchinntiúcháin, de chuid an fichiú céad, nó smaointe an 19ú haois faoin náisiúnstát. Bhí súil ag go leor daoine le "feo an náisiúnachais", uair a thiocfadh mionlaigh laistigh den náisiúnstát. Is iad na coincheapa seo, na cinn is coitianta, sa lá atá inniu ann, sa teoiric pholaitiúil chomhaimseartha. Mar a scríobhann Ernest Gellner, "tá mór-thábhacht agus údarás, nach raibh riamh roimhe seo i stair an chine dhaonna, leis an smaoineamh go gcaithfidh teorainneacha polaitiúla a bheith comhthreomhaireach leis na cinn eitneacha, agus nach mór do rialtóirí gan a bheith inaitheanta ó thaobh eitneachais de, ó a ngéillsinigh"

Nuair a dhírigh teoiricí na hEagnaíochta le shaincheisteanna coinbhleachta idir-phobail, rinne sé amhlaidh trí chur chun cinn "neamh-seicteachas" in aghaidh "treibheachais" (liobrálachais) nó trí bhéim a chur ar "pholaitíocht aicmeach" in aghaidh "náisiúnachais bhuirgéisigh" (Marxachas). Níor thug ceachtar de na cineálacha cur chuige seo aitheanta ar bith do traidisiúin lucht na cogaíocha i coimhlintí idir-phobail. Ar an láimh eile, is féidir le "phaireacht ghradaim" glacadh le traidisiún na náisiúnaithe éagsúla agus iad taobh istigh de stát amháin.

Tags:

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

BFealsúnachtGaeilge UladhCogadh na hIaráiceUttar PradeshPárLToirchiú in vitroGuam11 SamhainLudacrisSThe Voice (séasúr 21 na SA)25CioglatrónOtto von BismarckAAn LaidinPunt steirlingAthchogantaigh8 NollaigClapsholasSaillNáisiúnachasLeabharchoimeádGaeilgeRónThe Voice (séasúr 23 na SA)An IoruaAn LuanMoscóLondainCalafoirniamAmerican Idol (sraith 10)Daon-Phoblacht na SínePárasASCII23 FeabhraÉadbhard III ShasanaAn tAontas SóivéadachCosIomparSaor-Raidió Chonamara2007LeigheasMúnlachAn OraimisAm Uilíoch Comheagartha1914Tennessee WilliamsAmerican Idol (sraith 15)GoogleHenry MorseAontas na nÉimíríochtaí ArabachaAmAn BéarlaMoscadalSacarAn AithinPaireacht cumhacht cheannaighUileloscadhGrian-amAn Táidsíceastáin56Lúin ChealtchairPríomhleathanach68CodecLeabhar Uí MhaineSorcóirAurora, ColoradoContae WashingtonAn tSeicis1327Geilitín🡆 More