Tá clú ar Nollaig Ní Laoire mar amhránaí ar an sean-nós.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1989 34/35 bliana d'aois Ráth Cairn, Éire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ceoltóir, amhránaí |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Is as Dún Doire í Nollaig Ní Laoire, atá gar go leor do Ráth Chairn i gContae na Mí. Tá an ceol ó dhúchas inti ó Ghaeltacht na Mí, agus is minic a chloistear í ag casadh ag féilte agus ag imeachtaí timpeall na tíre.
Tá Nollaig Ní Laoire ag múineadh i nGaelscoil na Cille i gCill Dhéagláin.
Buaiteoir Chorn Uí Riada i 2010 ba í. Ba í Nollaig Ní Laoire an duine is óige riamh a bhuaigh Corn Uí Riada, is ba í an chéad duine riamh as Contae na Mí a bhuaigh an corn.
Rinneadh roinnt clár a raibh páirt aici iontu (ar TG4 agus ar Raidió na Gaeltachta) agus í ag casadh amhrán ar an Sean-nós (amhránaíocht). Bhí Nollaig Ní Laoire ina haoi-amhránaí ar Amhráin is Ansa Liom ar TG4 i 2011 is í ag cur síos ar na hamhráin is fearr léi, ar an stíl cheoil is ansa léi agus ar fhoinse na n-amhrán atá aici.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Nollaig Ní Laoire, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.