Iománaí den scoth ab ea Nioclás Mac Riocaird, nó Nicholas Nicky Rackard (28 Aibreán 1922 - 10 Aibreán 1976).
Sár-imreoir a bhí ann, é ag imirt ina thosaí (ag uimhir a haon déag) san fhoireann iomána Loch Garman sna 1940idí agus 1950idí.
Beathaisnéis | ||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | 28 Aibreán 1922 Cill Anna, Éire | |||||||||||||||||||
Bás | 10 Aibreán 1976 53 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire | |||||||||||||||||||
Faisnéis phearsanta | ||||||||||||||||||||
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath | |||||||||||||||||||
Gníomhaíocht | ||||||||||||||||||||
Gairm | imreoir peile Gaelaí, iománaí, tréidlia | |||||||||||||||||||
Spórt | iomáint peil Ghaelach | |||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
|
Cuimhnítear Mac Riocaird mar dhuine de na himreoirí ab fhearr sa spórt riamh, agus é an scórálaí is fearr i gCraobh Iomána Sinsearach na hÉireann; scóráil sé 59 cúl.
Is mar pheileadóir ab fhearr aithne ar Rackard ag tús na 1940idí.
San iománaíocht, d’imir Rackard 36 cluiche craoibhe idir 1940-1957. San achar ama sin, scóráil sé 59 cúl.
Ag an am bhí iománaithe an chontae in umar na haimléise agus níor bhuaigh sé féin a chéad bhonn cúige san iomáint go dtí 1951. Fuaireadar greadadh ceart ó Thiobraid Árann i gcluiche ceannais na hÉireann an bhliain chéanna. Chailleadar a gcoróin chúige i 1952 ach bhuadar ar ais arís í i 1953. I gcluiche ceannais an chúige an lá sin scóráil Rackard 5-5 as an 8-15 a fuair na Carmannaigh. Tar éis chluiche leathcheannais na hÉireann i gcoinne Aontroma, bhí 7-7 i lúibíní i ndiaidh a ainm ag deireadh na himeartha. Ach theip orthu arís sa chluiche ceannais, i gcoinne Chorcaí an uair seo.
An bhliain dár gcionn d’éirigh le Loch Garman agus na deartháireacha Rackard (Nicky, Bobby agus Billy) Corn Mhic Cárthaigh a thabhairt leo i gcoinne na Gaillimhe.
Agus i 1956 bhuaigh siad an chraobh arís nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chorcaigh. Sa chluiche sin tógadh ceann de mhórghrianghrafanna na hiománaíochta, pictiúr ina raibh Nick O’ Donnell agus Bobby Rackard as Loch Garman á fhéachaint le Christy Ring san aer.
An bhliain ina dhiaidh sin d’éirigh Rackard as an iomáint idirchontae nuair a chaill Loch Garman craobh an chúige.
Tháinig ailse scornaí ar Rackard agus d'éag ar 10 Aibreán 1976, in aois 53 bliain d’aois dó. Bhí sé ag obair le Alcólaigh gan Ainm ag an am;
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Nioclás Mac Riocaird, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.