Cónaidhm dreamanna san Albain thoir agus thuaidh ab ea Cruithnigh i rith tréimhsí Iarannaois déanach na Breataine agus luath-meánaois na hAlban roimh theacht na nGael.
Bhí cónaí orthu ó thaoibh thuaidh desna haibhneacha Foirthe agus An Chluaidh. Bhí an cháil orthu go gcuiridís dathanna ar a gcoirp.
Cineál | treibh |
---|---|
Teanga | An Chruithnis |
Eapainm | tatuáil |
Tréimhse | An Iarannaois sa Bhreatain Mhór agus An Mheánaois Luath |
Tíreolaíocht | |
Stáit | an Ríocht Aontaithe |
Ní mór ár n-eolas ar na Cruithnigh, ná ar a dteanga, cé go ndéanann foinsí Gaelacha agus Rómhánacha trácht orthu. Is féidir a gcríocha agus a gcultúr a thuiscint as téacsanna dá leithéid agus Galláin Chruithneacha. Mar shampla, feictear a n-ainm Laidine, Picti, i dtaifid scríofa ón Seandacht go dtí an 10ú haois.
Tugann foinsí na meánaoise le fios go raibh teanga ar leith acu, .i. Cruithnis. Creidtear inniu gur theanga Cheilteach na nOileán a bhí ann, gaolmhar go gar leis an mBriotainic labhartha ag na Briotanaigh ina gcónaí ó dheas, ach tá díospóireacht leanúnach fós ann faoin teanga a labhair siad.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Na Cruithnigh, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.