Drámadóir agus úrscéalaí a rugadh i Montréal, Québec, Ceanada i 1942 is ea Michel Tremblay.
Baineann a chuid saothair go dlúth le dúchas Québec agus baineann sé úsáid as béarlagar áitiúil, 'joual', teanga na sráide i Montréal. Ghnóthaigh sé aitheantas agus duaiseanna lena chéad dráma, Les Belles-Soeurs, faoi mhná den aicme oibre. Thug an t-údar dúshlán na hEaglaise agus na bunaíochta sa dráma agus thug a shaothar spreagadh do ghluaiseacht an neamhspleáchais i Québec. Ina shaothar phróis (sa t-sraith Chroniques du Plateau Montreal)tugann sé léargas ar saol an mhionlaigh aeraigh i Montréal chomh maith, téama a thugann sé chun míntíreachais sna h-urscéalta Le Coeur Découvert agus Le Coeur Eclaté. Aistríodh drámaí go mórán teangacha agus léiríodh ar fud an domhain iad.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 25 Meitheamh 1942 81 bliana d'aois Montréal, Quebec |
Gníomhaíocht | |
Gairm | liriceoir, úrscéalaí, aistritheoir, údar |
Tréimhse oibre | 1958 – |
Teangacha | An Fhraincis |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Suíomh a chartlainne | |
Gradam a fuarthas
| |
|
Thosaigh Tremblay ag obair mar chlódóir nuair a bhí sé cúig bliana déag d'aois, agus chaith sé tamall de bhlianta leis an obair sin agus na drámaí luatha á scríobh aige. Foilsíodh a chéad úrscéal Contes pour buveurs attardés i 1966. Is iomaí gradam agus duais atá buaite aige ó shin.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Michel Tremblay, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.