Amhránaí ar an sean-nós as an gCaorán Mór ar an gCeathrú Rua ab ea Máire Nic Dhonnchadha (a d'éag ar an 1 Nollaig 2020).
Bhí bua an cheoil ar an dá thaobh aici, ach is ó mháthair a hathar a fuair Máire go leor amhrán nuair a bhí sí óg. Chuaigh sí go dtí an tOireachtas den chéad uair in 1962, agus bhuaigh sí príomhchomórtas amhránaíochta an Oireachtais (ar a dtugtar Corn Uí Riada anois) sa bhliain 1964. Ina dhiaidh sin, thug sí duais speisialta don Oireachtas — Corn Mháire Nic Dhonnchadha — a bhronntar ar dhaoine nár bhuaigh aon duais amhránaíochta ag an Oireachtas cheana. Thaifead sí amhráin le Gael Linn, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, agus RTÉ.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | An Caorán Mór, Éire |
Bás | 1 Nollaig 2020 Ospidéal Thamhlachta, Éire |
Áit adhlactha | Reilig Bharr an Doire |
Áit chónaithe | Cluain Dolcáin |
Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí |
Teangacha | An Ghaeilge |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Máire Nic Dhonnchadha, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.