Rí na Mumhan d'Eoghanacht Chaisil ba ea Lorcán mac Coinlíogáin (fl.
922). Ball de Chineál Chonaill Chaisil ba ea é, seacht nglúin i bhfad amach ó Aonghas mac Nadh Fraoigh, agus sliochtach an rí cháiliúil, Colgú mac Failbhe Flainn (bás 678).
Rí na Mumhan | |
---|---|
922 – luach anaithnid ← Flaithbertach mac Inmainén – Cellachán Caisil → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Eoghanacht Chaisil |
Sa bhliain 914, cuireadh an ruaig ar a réamhtheachtaí Flaithbheartach mac Ionúinín as an gcoróin. Dar le hAnnála na gCeithre Máistrí, cuireadh sé ar oilithreacht. Sa bhliain 923, gabhadh Flaithbertach gar do Ros Cré ag Lochlannaigh as Luimneach, cé gur scaoileadh saor é níos deireanaí. Is amhlaidh go ndearnadh rí na Mumhan de Lorcán ina ionad.
Ní fios cathain a tháinig deireadh leis a réimeas, ach feictear a chomharba Ceallachán Chaisil don chéad uair sna foinsí don bhliain 936, i mbun creach a dhéanamh ar mhainistir Chluain Mhic Nóis.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Lorcán mac Coinlíogáin, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.