Ceann de Lochanna Móra Mheiriceá Thuaidh is ea Loch Michigan agus an loch is faide siar ó dheas de na cúig loch fionnuisce seo atá suite i lár Meiriceá Thuaidh.
Is í an t-aon cheann de na Locha Móra atá suite go hiomlán taobh istigh de na Stát Aontaithe agus nach bhfuil a bruacha thuaidh i gCúige Ontario i gCeanada.
Cineál | Loch | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Loch Michigan-Huron Na Lochanna Móra | |||
Suíomh | ||||
Tír abhantraí | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Limistéar riaracháin | Michigan, SAM, Wisconsin, SAM, Illinois, SAM agus Indiana, SAM | |||
| ||||
Teorainneacha le | Upper Peninsula of Michigan (en) Lower Peninsula of Michigan (en) | |||
Le cuid | ||||
Eisilteach | Loch Huron | |||
Abhantrach draenála | Lake Michigan drainage basin (en) | |||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | 176 m | |||
Doimhneacht ingearach | 281 m | |||
Toisí | 190 () × 494 () km | |||
Imlíne | 2,633 km | |||
Achar | 57,750 km² | |||
Bearta agus táscairí | ||||
Toirt | 4,918,000 hm³ | |||
Loch oighreach, is é sin loch a cruthaíodh a céaduair ag deireadh na Oighearaoise, atá i Loch Michigan. Faigheann sé uisce ó na haibhneacha sa réigiún timpeall uirthi, agus folmhaíonn sí soir ó thuaidh isteach i Loch Huron. Go deimhin tá Lochanna Michigan agus Huron ar chomh airde agus tógann sé 98 bliana (.i. am seadaithe de 98 bliana) sula dtéann uisce a thagann isteach i Loch Michigan éalú amach go Loch Huron. Go teicniúil, níl iontu ach aon loch mhór amháin. Tá achar dromchla iomlán de 22,300 mí² nó 58,000 km² aige.
Is í Loch Michigan an dara loch is mó de na Lochanna Móra ó thaobh toirt uisce agus an 3ú ceann is mó de réir dhromchla. Tá Loch Michigan 307 míle ar fad agus 118 míle ar leithead. Is é 923 troigh (280 méadar) an pointe is doimhne sa loch, áit a baineadh amach i bhfomhuireán den chéad uair sa bhliain 1985. Is é 279 troigh (85 m) meándoimhneacht na locha.
Tá stáit Wisconsin, Illinois, Indiana agus Michigan suite ar Loch Michigan. Tá Chicago agus Milwaukee ar na cathracha ar a mbruacha.
Is síol faoi thíreolaíocht Cheanada é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoi thíreolaíocht Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Loch Michigan, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.