Gréasaí sí is ea an leipreachán.
Is iomaí leagan malartach de ‘leipreachán’ a thugtar i bhFoclóir Uí Dhomhnaill: ‘lucharachán,lucharbán, luchargán, lucharpán, luchramán, luipreachán’ agus araile. Ach ‘leipreachán’ amháin atá i bhFoclóir Uí Mhianáin, agus sin atá in úsáid go coitianta anois.
Tá an leipreachán ar méid páiste óig, cé go bhfuil na céadta blianta slánaithe aige ar nós na sióg eile. Bíonn dúil mhór ag an leipreachán in airgead, agus deirtear go bhfuil pota mór óir i bhfolach aige. Is féidir iallach a chur ar an leipreachán an pota óir a thabhairt don té a bheireann ar an leipreachán, cé go n-éalóidh an leipreachán múna gcoinneofar amharc air an t-am ar fad.
Tréithe seo an leipreacháin, taispeánann siad meas an tseansochaí ar fhir cheirde, is dócha. I dtuairim na muintire tuaithe, bhí na ceardaithe (ar nós gréasaithe, gaibhne, srl.) glic, saibhir, seachantach ar a gcuid maoine a roinnt le daoine eile.
Tá siombail d'Éirinn ar fad déanta den leipreachán i Meiriceá Thuaidh. Tá an siombail ceangailte le stéiréitíopáilte eile Éireannacha, mar shampla cairdiúlacht, ólachán, agus Lá Fhéile Pádraig.
Ní cairdiúil ar chor ar bith a bhí na leipreacháin i bhfíorseanchas na hÉireann.
Ar Gaois.ie tá 53 shampla de ‘leipreachán’ in úsáid i dtéacsanna Gaeilge agus gan ach trí shampla den iomaitheoir is gaire dó, ‘lucharachán’.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Leipreachán, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.