Tá Seó na mBréagánm nó an Late Late Toy Show á chraoladh ón mbliain 1975 ar an Late Late Show ar RTÉ, á gcur i láthair ag Ryan Tubridy.
Meallann an clár sciar maith de lucht féachana na tíre gach Nollaig, i measc na gclár ba mhó rath sa tír, agus máite agus dráite na mbréagán ar taispeáint ag an Tiobraideach féin agus a chomrádaithe beaga. "Tá sé chomh holc sin go bhfuil spraoi de shórt ag baint leis."
Láithreoir(í) | Gay Byrne, Pat Kenny, Ryan Tubridy agus Patrick Kielty |
---|---|
Tír | Éire |
Bealach teilifíse | RTÉ a hAon |
An chéad eipeasóid | Samhain 1975 |
D'fhéadfaí a mhaíomh go gcuireann an clár luachanna ábharaíocha chun cinn, Cuireann an clár brú breise ar roinnt tuismitheoirí an t-am sin den bhliain a macasamhail de bhronntanais a chur ar fáil lá Nollag.
Chaill RTÉ €2,272,859 san iomlán mar gheall ar an gceoldráma "Late Late Toy Show: the Musical" sa Convention Centre, BÁC in 2022. nach raibh mórán ratha air. Ghlac cathaoirleach Bhord RTÉ Siún Ní Raghallaigh go raibh "easnaimh thromchúiseacha" ann agus ghabh sí pardún leis an bpobal agus le foireann RTÉ as an neamart.
Labhraíodh Gaeilge ar an seó sa bhliain 2012.
Sa bhliain 2019, dúirt RTÉ go raibh ‘fáilte’ á cur acu roimh iarratais ó pháistí le Gaeilge a bheith ar The Late Late Toy Show i mbliana. Ghlacfaí le “hiarratais as Gaeilge agus as Béarla” ó pháistí ar mian leo a bheith páirteach sa chlár, a dúirt RTÉ.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Seó na mBréagán, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.